Bhí buachaill naoi mbliana d’aois, a d’ionsaigh drong, le breis agus 100 cónaitheoir as bruachbhaile iarthar Bhaile Formaid (Ballyfermot ) oíche Dé Máirt chun agóid a dhéanamh in aghaidh an ionsaí ‘dochreidte’ ar bheirt Ghardaí.
Agus an teocht ag titim go 4 Celsius, bhailigh sluaite de mhuintir na háite, a raibh fearg orthu, taobh amuigh de Stáisiún Gardaí Bhaile Formaid chun an eachtra foréigneach a tharla go luath maidin Dé Luain a cháineadh.
Tá trí chúiseamh an ceann le sárú ag beirt fhear faoin Acht um Ord Poiblí (Public Order Act). Áiríonn na cúisimh dhá chúis as ionsaí a dhéanamh ar gharda agus ceann as mí-ord foréigneach.
Labhair teaghlaigh aréir faoin tábhacht a bhaineann lena ngardaí áitiúla agus dhiúltaigh siad ligean do ‘cúpla duine gan meon’ a bpobal a mhilleadh.
Creideann go leor, áfach, go bhfuil iompar frithshóisialta (anti-social behaviour) tar éis éirí as cuimse sa cheantar le blianta beaga anuas, agus leibhéil de ghníomhaíocht choiriúil (criminal behaviour) ag ardú freisin.
I measc an tslua bhí dalta rang a ceathair Luke Nugent, a d’fhreastail ar an léirsiú lena mháthair Tracey.
Dúirt an buachaill óg leis an Irish Daily Mail go raibh a fhios aige, ar an drochuair, cad é atá i gceist le hionsaí gan spreagadh.
Bhí Lúcás ina pháirc scátála áitiúil coicís ó shin nuair a bhuail drong de bhuachaillí níos sine é. Dúirt sé: ‘D’fhág siad súil dhubh orm agus rug siad ar na spéaclaí de m’aghaidh agus bhris siad iad.
‘D’ionsaigh duine éigin ar scútar mo dheirfiúr le déanaí i gCluain Dolcáin.’
Dúirt máthair an ghasúir nach dtuigeann sí cén fáth ar ionsaigh roinnt daoine Gardaí. Dúirt Ms Nugent: ‘Tá na gardaí anseo chun an pobal a chosaint agus ní bhíonn a fhios agat cathain a bheidh a gcabhair uait. Tá páistí agus teaghlaigh dá gcuid féin ag na leaids seo… Níl sé ceart go bhfuiltear ag díriú orthu.’
Chonacthas Luke ag croitheadh lámh le ceannfort Chluain Dolcáin, Tony Twomey, agus ag insint don oifigeach go dteastaíonn uaidh a bheith ina gharda agus é níos sine.
Agus é ag labhairt leis na cónaitheoirí áitiúla, dúirt an Garda sinsearach: ‘Cuireann a leithéid de na heachtraí seo leis an rún atá againn ár seirbhís do phobal Bhaile Formaid agus do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath a fheabhsú. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil libh go léir as bhur dtacaíocht. Tá mé ag labhairt leis an mbeirt bhall a bhí páirteach san eachtra agus tá siad an-bhuíoch as an tacaíocht atá á fháil acu freisin.
‘Tá go leor dea-mhéine agus teachtaireachtaí ag teacht isteach agus ba mhaith linn freisin aitheantas a thabhairt don tacaíocht a fuaireamar ó thaobh ár n-imscrúdaithe. A mhuintir Bhaile Formaid, tá muid ann duitse agus tá tú ann dúinn, tá súil agam.’
Chonacthas Mary Cleary, cónaitheoir i mBaile Formaid, ag tabhairt bouquet na bláthanna isteach i stáisiún na nGardaí go gairid roimh an léirsiú.
Dúirt sí: ‘Mura mbeadh na gardaí seo againn inár bpobal bheadh muid caillte. Tá siad anseo chun jab a dhéanamh agus gan a bheith faoi ionsaí. Ní mór do dhaoine a thuiscint go bhfuil na fir agus na mná seo ag cur a mbeatha i mbaol dúinn.
‘Caithfidh tú freisin guí ar son na ndaoine a dhéanann na heachtraí seo mar go bhfuil an oiread sin feirge orthu taobh istigh díobh.
‘Tá an t-ádh dearg ar na gardaí ar ionsaíodh agus iad fós a bheith beo, agus go dtuga Dia maithiúnas do chách.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.