Máthair saighdiúir, a maraíodh 40 bliain ó shin, ag tabhairt ómóis do Seán Rooney

16/12/2022

Agus í ag tabhairt ómóis don Phríobháideach Seán Rooney, a maraíodh sa Liobáin, tá máthair saighdiúir Éireannach, a maraíodh 40 bliain ó shin, ag cuimhneamh ar bhás a mic.

Maraíodh an Príobháideach Seán Rooney, 23, coimeádaí síochána (peacekeeper) de chuid an UN nuair a tháinig a ‘convoy’ faoi ionsaí oíche Dé Céadaoin.

Tá saighdiúir eile, a gortaíodh san eachtra, an Príobháideach Shane Kearney, san ICU tar éis dó dul faoi obráid.

Tá a chomhbhrón déanta ag an Uachtarán Michael D Higgins ar bhás an tsaighdiúra Seán Rooney ‘ag freastal ar gach duine ar mhian leis síocháin inár saol comhroinnte’.

Joe Duffy Liveline 2
Joe Duffy

Agus 40 bliain ó shin, maraíodh an Príobháideach Peter Burke, an Príobháideach Thomas Murphy agus an Corporal Gregory Morrow ag saighdiúir eile, Michael McAleavey, ar 27 Deireadh Fómhair, 1982.

Ag labhairt le Joe Duffy ar Liveline ar RTÉ Raidió 1, thug máthair Peter Burke, Mary, ómós don Phríobháideach Rooney, agus dá chomhghleacaí Príobháideach Shane Kearney a gortaíodh san eachtra.

Agus í ag cur síos ar shaol a mac Peter mar shaighdiúir Éireannach, thug Mary le fios ‘nach raibh sí in ann é a chreidiúint’ nuair a bhí cinneadh iomlán déanta ag Peter dul isteach san Arm, mar dúirt sí le Joe, dá triúr mac, gurbh é Peter an duine ba lú seans a bheadh ag iarraidh clárú.

‘Cheil sé a 20ú breithlá amuigh sa Liobáin. Chuaigh sé amach i mí na Bealtaine, agus bhí a bhreithlá ar an 3 Iúil. Agus rinneamar ceiliúradh, i mí Dheireadh Fómhair, ar chomóradh 40 bliain an triúr leaid i gCnoc an Arbhair (Arbour Hill),’ a dúirt Mary.

‘Ba ghasúr iontach, iontach é; baint leis an aos óg; a lán cairde.’

Bhí Peter le teacht ar ais abhaile ar 27 Deireadh Fómhair, ach mar gheall ar ghanntanas fear roghnaíodh é chun fanacht ar ais.

Mhínigh Mary an chaoi a raibh sé ar an gceann deireanach dá dhualgais nuair a thárla an tragóid.

sean rooneyIrish Soldier UN Flag 768x448 1

‘Ba é a dhualgas deireanach. Bhí a chásanna tagtha abhaile. Ní raibh a fhios aige cad a bhí sé ag dul chun bualadh leis,’ a dúirt sí.

D’inis Mary do Joe go raibh a croí ag brúchtadh an lá ar fad tar éis an nuacht faoi bhás an Phríobháidigh Rooney. Bhí sí ag smaoineamh ar na teaghlaigh sin.

Agus í ag cuimhneamh ar an chaoi a chuala sí faoi bhás Peter, 40 bliain ó shin, dúirt Mary gurb é an chéad rud a dúirt sí ná, ‘Innis dom, le do thoil, go raibh sé ar dhuine de na daoine a gortaíodh. Ach tá a fhios agat faoina n-aghaidh … ní mar sin a bhí.

‘An rud is measa, a Joe, tá an ghortú fós ann. Éiríonn sé níos measa de réir mar a théann na blianta ar aghaidh, dá shine a éiríonn tú.’

Tar éis di taisteal go dtí an Liobáin faoi dhó, dúirt Máire go raibh ‘grá aici don tír, agus do na daoine’.

Dúirt sí gur cuireadh séadchomhartha (monument) ar bun, tar éis bhás a mic, ag Droichead Tivoli.

‘Chuir muintir na Liobáine séadchomhartha ar bun ag Droichead Tivoli, agus tá siad ag tabhairt aire don séadchomhartha sin — agus is séadchomhartha álainn é do na triúr leaids, mar d’imir mo mhac peil leis na páistí; shein sé ceol leo,’ a mhínigh Máire.

‘Is daoine áille, áille iad muintir na Liobáine.’

Ba as baile Newtowncunningham, i nDún na nGall, ó dhúchas é Seán Rooney.

Chuaigh sé isteach in Óglaigh na hÉireann in 2019, agus ba é an 27 Cathlán Coisithe (Infantry Battalion) i nDún Dealgan a aonad baile. Bhí sé mar chuid de ‘convoy’ a thaisteal go Béiriút nuair a tháinig sé faoi ionsaí go gairid tar éis 9pm ar an 14 Nollaig.

Tá an Príobháideach Shane Kearney 22 bliain d’aois agus is as Cill Ia, Co Chorcaí é. Chuaigh sé isteach in Óglaigh na hÉireann in 2018 agus tá sé bunaithe i nDún Uí Choileáin, Corcaigh.

Cuireadh cóir leighis ar bheirt coimeádaithe síochána eile do mhionghortuithe san ospidéal i ndiaidh na heachtra.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram