Tá an saighdiúir Éireannach, a maraíodh go tragóideach in ionsaí sa Liobáin, ainmnithe mar an Príobháideach Seán Rooney, 23. Bhí sé ina choimeádaí síochána (peacekeeper) de chuid na Náisiún Aontaithe (UN).
Maraíodh é nuair a tháinig a ‘convoy’ faoi ionsaí oíche Dé Céadaoin.
Ba as baile Newtowncunningham, i nDún na nGall, ó dhúchas é, a dhearbhaigh Óglaigh na hÉireann maidin Déardaoin.
Chuaigh sé isteach in Óglaigh na hÉireann in 2019, agus ba é an 27 Cathlán Coisithe (Infantry Battalion) i nDún Dealgan a aonad baile. Bhí sé mar chuid de ‘convoy’ a thaisteal go Béiriút nuair a tháinig sé faoi ionsaí go gairid tar éis 9pm ar an 14 Nollaig.
Tá saighdiúir eile, a gortaíodh san eachtra, san ICU tar éis dó dul faoi obráid, ainmnithe mar an Príobháideach Shane Kearney.
Tá sé 22 bliain d’aois agus is as Cill Ia, Co Chorcaí é. Chuaigh sé isteach in Óglaigh na hÉireann in 2018 agus tá sé bunaithe i nDún Uí Choileáin, Corcaigh.
Cuireadh cóir leighis ar bheirt coimeádaithe síochána eile do mhionghortuithe san ospidéal i ndiaidh na heachtra.
Tá a chomhbhrón déanta ag an Uachtarán Michael D Higgins ar bhás an tsaighdiúra a fuair bás ‘ag freastal ar gach duine ar mhian leis síocháin inár saol comhroinnte’.
Tháinig an ‘convoy’ de dhá fheithicil fóntais (AUVs) faoi lámhach (under fíre). Bhí siad ag iompar ochtar pearsanra go Béiriút.
‘Chuir an Ceann Foirne in iúl dom go luath ar maidin inniu faoi eachtra thromchúiseach a bhain le trúpaí Éireannacha a bhí ar seirbhís sa Liobáin mar chuid de UNIFIL (Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin),’ a dúirt an tAire Coveney.
Is le brón a d’fhoghlaim mé ina dhiaidh sin faoi bhás duine dár gcoimeádaithe síochána agus faoi na gortuithe tromchúiseacha a rinneadh ar a chéile.
‘Ag an tráth seo ba mhaith liom a chur in iúl, thar ceann gach duine in Éirinn, ár mbrón mór faoi chailliúint fear óg a bhí ag freastal ar a thír agus ar na Náisiúin Aontaithe thar lear. Ba mhaith liom mo bhrón a ghabháil lena theaghlach as a bhriseadh croí agus a gcailliúint.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.