Dúirt Gardaí go bhfuil ‘gné idirnáisiúnta’ ag baint le cás Sophie Toscan Du Plantier agus iad ag eisiúint uasdátú ar an imscrúdú coiriúil.
Ar maidin an 23 Nollaig 1996, thángthas ar chorp Sophie Toscan Du Plantier taobh amuigh dá teach saoire in aice leis Toormore in Iarthar Chorcaí.
Maidin Dé Luain, bhí cruinniú faisnéise ag an nGarda Síochána faoin ‘imscrúdú oscailte agus gníomhach’ leanúnach ar dhúnmharú na mná Francacha.
I Meitheamh na bliana seo, d’fhógair An Garda Síochána go ndéanfadh foireann athbhreithnithe tromchoireanna (Serious Crime Review Team) athbhreithniú ar an imscrúdú.
Ag labhairt dó Dé Luain in Óstán an Harbour sa Scoil, dúirt an Ceannfort Joseph Moore ó Stáisiún na nGardaí Bheanntraí, atá i bhfeighil an fhiosrúcháin dúnmharaithe, go bhfuil sé féin agus a fhoireann ag obair ‘i gcomhthráth’ leis an bhFoireann sin.
Dúirt an Ceannfort Moore freisin gur aithníodh agus gur labhair roinnt finnéithe nua le déanaí. Dúirt sé go raibh ‘gné idirnáisiúnta’ ag an gcás agus go bhfuil ‘líon finnéithe le cur faoi agallamh sa Ríocht Aontaithe, sa Fhrainc agus níos faide i gcéin.’
Dhearbhaigh an príomh-imscrúdaitheoir níos déanaí gur aithníodh na daoine seo ach nár cuireadh agallamh orthu go fóill.
Dúirt sé ‘Creidim go bhfuil daoine ann fós a bhfuil eolas acu ar dhúnmharú Sophie agus nár labhair leis na Gardaí go fóill nó a labhair leis na Gardaí ach nach raibh in ann gach a bhfuil ar eolas acu a insint,’ a dúirt an Ceannfort Moore.
‘Tá sé tábhachtach a rá gurb é príomhfhócas an imscrúdaithe seo ná an t-íospartach, Mde Sophie Toscan Du Plantier, a teaghlach agus go ndéanfadh an fhoireann imscrúdaithe an fhaisnéis ar fad atá ar fáil a bhailiú chun an cheist seo a thabhairt chun críche dearfach.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.