Féach ar seo sa nasc thíos.
Is léir gur bhain Roy Keane an-taitneamh as an cúl chun bua a fháil, i gcluiche cairdiúil le tráchtairí teilifíse, ar lá saoire i Catar.
Ansin déanann sé magadh ar chuid na de geáitsí (antics) a ndéanann imreoirí Chorn an Domhain, agus é ag dul thar fóir lena cheiliúradh.
Tá páirt mhór á imirt ag an fear Chorcaí i gclúdach ITV agus tá roinnt dá thuairimí imithe ‘viral’.
Chuir sé áthas ar lucht leanúna na hÉireann nuair a d’fhéach sé an bealach eile, nuair a rinne na tráchtairí eile ceiliúradh ar chúla Sasanacha.
Agus chuir sé isteach ar na meáin Brasaíle tar éis magadh a dhéanamh ar rince na Brasaíle, tar éis dóibh an Chóiré Theas a bhualadh Dé Luain.
Ní raibh an t-iar-imreoir Manchester United riamh ina dhuine ar mhaith leis ceiliúradh iomarcach a dhéanamh, san am atá caite, ach anseo is breá leis spraoi a bheith aige ag magadh dóibh siúd a dhéanann é.
Ag an am céanna léiríonn sé nár chaill sé an ‘Keane edge’ chun scór a fháil.
I gcluiche cairdiúil lena chomhoibrithe ar ITV i gcoinne an BBC, fuair an t-iar-imreoir lár páirce an chúl a bhuaigh.
Rinne duine éigin físeán de, agus roinn ITV Sport é ar na meáin shóisialta. Is féidir leat é a fheiceáil trí chliceáil ar an nasc Twitter thíos.
Bhain Keane, atá 51 bliain d’aois, a léine uaidh, tar éis dó an cúl a fháil; chas sé thar a cheann é agus ansin léim sé go lúcháireach thar bosca bruscar.
Bhí lucht leanúna, atá i dtaithí ar a chuid cáineadh ar na n-imreoirí, go tapa chun Keane a magadh. Rinne duine aithris ar a stíl ar Twitter ag rá: ‘Ní féidir a chreidiúint go bhfuil sé ag ceiliúradh i gcluiche cairdiúil le cairde, fíor-náire.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.