TÁ sé beartaithe ag an Aire Oideachais Norma Foley deireadh a chur le sosanna gairme (career breaks) do mhúinteoirí, de réir tuairisc san Irish Daily Mail ar maidin.
Tá Norma Foley ag scrúdú an athrú mar go bhfuil an ghanntanas múinteoirí ag fágáil roinnt páistí gan an t-oideachas atá de dhíth orthu.
Tá roinnt múinteoirí ag glacadh na sosanna ionas gur féidir leo taisteal chun obair ar phá ard i dtíortha inar féidir leo tuarastail a fháil saor ó cháin. Ar ndóigh, glacann an-chuid múinteoirí sos ar chúiseanna eile, mar shampla, saoire mháithreachais nó thuismitheora.
Is féidir le múinteoirí sos gairme de suas le cúig bliana a ghlacadh ag aon am amháin, agus deich mbliana thar a ngairmréim.
Meastar go bhfuil 2,000 múinteoir Éireannach ag obair i stáit na Murascaille (Gulf states) amháin.
Faigheann go leor múinteoirí atá lonnaithe ann tuarastail saor ó cháin idir €30,000 agus €60,000, chomh maith le heitiltí bliantúla saor in aisce abhaile, árachas leighis (medical insurance) agus tithíocht saor in aisce nó fóirdheontas (subsidised) mór.
Bhí ar a laghad 2,375 múinteoir ar shos gairme sa bhliain 2020/21, agus, ar ndóigh, ní raibh gach duine acu ag obair thar lear.
Bhí cruinniú speisialta Comh-Aireachta (special Cabinet meeting) ar siúl inné, agus tá oifigigh na roinne ag féachaint anois ar an gcóras sosanna gairme a athrú.
Dúirt foinse leis an Irish Daily Mail: ‘Is cinnte go bhfuil sé faoi bhreithniú. Caithfimid breathnú ar gach rud i ndáiríre, agus tá go leor múinteoirí cáilithe nach bhfuil ag teagasc anseo.’
Cháin dhá cheardchumann múinteoirí, Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) agus Aontas Múinteoirí Éireann (TUI) an beartas, áfach, agus dúirt siad nach ndearnadh aon chomhairliúchán leo.
Táthar ag smaoineamh freisin, chun cabhrú leis an bhfadhb a réiteach, ná múinteoirí faoi oiliúint (student teachers) a fhágáil chun múineadh gan maoirseacht (supervision) ó mhúinteoir eile.
Tá sé ráite ag Líonra Príomhoidí Bunscoile na hÉireann (IPPN) go raibh an costas maireachtála agus an ghéarchéim tithíochta ag brú múinteoirí amach as Baile Átha Cliath, Cill Mhantáin agus Cill Dara, go háirithe.
D’admhaigh foinse Rialtais é seo, agus dúirt siad go raibh gach rud á dhéanamh ag an Roinn Oideachais chun déileáil leis an bhfadhb.
‘Ba mhaith linn a fheiceáil na rudaí a oibríonn agus na rudaí nach n-oibríonn,’ a dúirt an fhoinse.
Bhí ar oifigigh oideachais raon beart a dhéanamh cheana féin chun déileáil le ganntanas foirne.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.