Tugadh rabhadh don sagart cróga a cháin fuadach (abduction) agus céasadh (torture) stiúrthóir Quinn Industrial Holdings, Kevin Lunney, ‘is tusa an chéad cheann eile’ tar éis a sheanmóir láidir ón altóir.
Tar éis sraithe faisnéise na seachtaine seo, Quinn Country, a craoladh ar RTÉ One, thug an tAthair Oliver O’Reilly le fios gur dúradh leis go raibh a shaol ‘i mbaol’ freisin.
Bhí sé tar éis labhairt amach i gcoinne an fheachtais foréigin a bhí dírithe ar chomhlachtaí a bhíodh faoi úinéireacht an t-iar-bhilliúnaire Seán Quinn roimhe sin.
Dúirt an sagart, atá 75 bliain d'aois, gur fuair sé glao gutháin tar éis dó seasamh poiblí a dhéanamh.
Dúirt an tAthair O’Reilly le ExtraG.ie: ‘Fuair mé glao gutháin… ag rá liom gur cheart dom na tuairimí ón Domhnach roimhe sin a athrú agus roinnt soiléirithe a dhéanamh an deireadh seachtaine dar gcionn, agus thug siad cur síos ar na soiléirithe a bhí siad ag iarraidh orm a dhéanamh.’
Tar éis an ionsaí ar an Uasal Lunney, a bhíodh ina bhall dlúth de chuid an Uasail Quinn, d’inis an tAthair O’Reilly dá chomhthionól, ag Aifreann an 28 Meán Fómhair agus an 29 Meán Fómhair in 2019, go raibh ‘a Rubicon trasnaithe anois’.
Labhair sé amach tar éis blianta d’imeaglú (intimidation) in aghaidh iar-fheidhmeannaigh Quinn, a ghlac seilbh ar a ghnóthaí tar éis don fhear gnó smacht a chailleadh orthu.
Chuir an tAthair O’Reilly an milleán ar ‘grúpa ar nós mafia a bhfuil a “gadfather” féin’ acu, as an ionsaí ar an Uasal Lunney.
Cúpla seachtain tar éis dó an seanmóir a thabhairt, dúradh leis an Athair O’Reilly go raibh sé ‘faoi bhagairt’. Dúirt sé: ‘Fuair mé saghas leid. Bhí carranna á ndó agus dúradh liom go mbeadh mo charr sa chéad cheann eile. Thuig mé go raibh siad dáiríre, mar sin chuir mé ceamaraí slándála isteach sa teach.
‘Tháinig an leid ó dhuine nach mbeadh aithne mhaith agam air. Bheadh an duine seo “in the know”. Ní bheadh siad mar chairde nó mar namhaid dom. Bhí leid faighte acu gurb é mo charr an chéad cheann eile… ní raibh ann ach comhairle agus thabharfainn aird ar a gcomhairle mar bhí a fhios acu go raibh bagairt ann.’
Mar sin féin, dúirt an tAthair O’Reilly gur dhiúltaigh sé ligean dó féin a bheith faoi imeaglú. ‘Níor chuir sé imní orm i mo theach féin. Má oibríonn tú sna misin, mar a rinne mé féin, is minic a mhothaím go mbíonn an bád a iomramh agat, nó an bád a chailleadh agat (sink or swim), toisc go bhfuil tú sa bhfiántas (wild), go bhfuil tú i d’aonar, agus caithfidh tú an rud is doimhne a fháil isteach ionat féin, agus tú ag teacht ar theicnící marthanais (suvival techniques).
‘Bhuel, rinne mé, é buíochas le Dia, mar sin bhí sé sin [ag obair sna misin] ina fhoirmiú iontach dom ar go leor bealaí.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.