Déanfaidh siopadóirí cinntí cúramacha maidir le cén chaoi a gcaithfidh siad a gcuid airgid don siopadóireacht Nollag (Christmas shopping), de réir suirbhé.
Agus beidh costas maireachtála agus imní comhshaoil chun tosaigh ina n-intinn, de réir suirbhé domhanda.
Dúirt 89% do na daoine go bhfuil sé beartaithe acu níos lú a chaitheamh, nó gan a gcaiteachas a mhéadú ar a dteaghlaigh an Nollaig seo; agus dúirt 41% go mbeidh siad ag caitheamh níos lú ar bhronntanais do chairde.
Léiríonn Innéacs Tomhaltóirí na Todhchaí EY (the EY Future Consumer Index) go bhfuil plean ag breis is leath de siopadóirí (52%) níos lú a chaitheamh ar earraí neamhriachtanacha an Nollaig seo.
Fuarthas amach sa staidéar go mbeidh ar ghnólachtaí freastal ar riachtanais an siopadóir comhfhiosach a bhfuil cúram acu ar cad is acmhainn dóibh agus cad atá go maith don aeráid.
Ar an iomlán, tá siopadóirí dóchasach faoin todhchaí, agus tá 74% ag súil le ‘teacht ar ais mar is gnáth’, tar éis an oiread sin cur isteach de bharr na paindéime Covid-19 agus fadhbanna.
Cé go mothaíonn 58% de na freagróirí an-imní faoin ardú costais mhaireachtála, mothaíonn 59% go bhfuil smacht acu ar a saol agus bíonn fonn orthu filleadh ar na heispéiris a chaill siad mar gheall ar an bpaindéim.
Tá imní fós ag siopadóirí faoi ardú praghsanna agus an geilleagar, le 92% de na freagróirí an-imní nó measartha buartha faoin ngeilleagar agus 87% buartha faoina gcuid airgeadais.
Agus imní comhshaoil ag ardú, tá siopadóirí ag lorg bealaí chun tomhaltas (consumption) a laghdú. Fuair an suirbhé amach go gceannóidh 37% de shiopadóirí níos lú bia le haghaidh béilí ceiliúrtha chun dramhaíl (waste) a sheachaint i mbliana, agus tá sé beartaithe ag 44% níos lú soilsiú agus maisiúcháin a úsáid sa bhaile.
Deir 67% go bhfuil siad sásta a gcuid giuirléidí a dheisiú seachas cinn nua a cheannach, agus dúirt 45% go bhfuil níos mó imní orthu faoi úsáidí na dtáirgí a cheannaíonn siad.
Fuarthas amach sa suirbhé go bhfuil fonn ar 63% de shiopadóirí cúiteamh a dhéanamh as na heispéiris a cailleadh ón bpaindéim agus go gcaithfidh duine as gach triúr níos mó ar shaoire agus ar ghníomhaíochtaí lasmuigh den teach.
Ach tá 50% sásta earraí neamhriachtanacha, seirbhísí agus taithí a cheannach chun sonas a neartú.
Dúirt Colette Devey, Comhpháirtí EY Ireland agus Ceannaire Táirgí Tomhaltóra agus Miondíola, ‘Ar aon dul le torthaí na tuarascála, tá tomhaltóirí Éireannacha ag éirí níos airdeallaí le linn 2022.’
‘Mar sin féin, creidimid go bhfuil cohórt shiopadóirí Éireannacha ann fós atá sásta airgead a chaitheamh ar a ngaolta i rith shéasúr na Nollag ar bhealach nach raibh indéanta agus an phaindéim Covid-19 ar an airdeall.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.