D'éiligh dlíodóir do Molly Martens gur mharaigh a fear céile a chéad bhean agus go ndearna sé iarracht an rud céanna a dhéanamh lena dara bean.
Tá Ms Martens ag dul ar atriail mar gheall ar dhúnmharú a fir chéile Jason Corbett.
Agus tá gearán déanta ag a dlíodóir Douglas Kingsbery, gur lean teaghlach Corbett orthu ag tabhairt ráitis phoiblí faoin gcás in ainneoin ordú gan é a dhéanamh.
Maíonn sé go bhfuil cuid de na ráitis bréagach.
Luaigh sé ráitis ó deirfiúr Jason, Tracey Corbett Lynch, ina leabhar nua, ‘Loss and What It Taught Me About Living: A Memoir about Love, Grief, Hope and Healing’.
Agus ina céad leabhar, ‘My Brother Jason’, scríobh sí faoina creideamh go mharaigh Molly Martens agus a hathair, iarghníomhaire an FBI Thomas Martens, a deartháir i ‘cold blood’.
Mhaígh an tUasal Kingsbery go bhfuil ráitis faoi Jason Corbett mar ‘fhear iontach’ agus ina ‘fhear céile grámhar agus uasal’ bréagach.
Mhaígh sé go raibh an tUasal Corbett foréigneach, agus go ndearna sé mí-úsáid fhisiciúil ar Molly Martens, a dhara bean chéile, ar feadh na mblianta sula bhfuair sé bás ar an 2 Lúnasa 2015.
Líomhain sé freisin go bhfuil ráitis a dhéanann Tracey Corbett Lynch sa leabhar faoi bhás an chéad bhean chéile Mr Corbett bréagach.
Fuair Margaret Fitzpatrick Corbett bás de bharr taom asma i 2006, de réir an eolais atá ar fáil.
Ach anois tá an tUasal Kingsbery ag éileamh gur mharaigh a fear céile í, agus gur ionsaigh sé a dhara bean chéile beagnach mar an gcéanna in 2015.
Ag an gcéad triail, thug Thomas Martens fianaise gur tháinig sé ar Jason Corbett ag tachtadh a iníon, agus gur ghlac sé bat liathróide agus gur bhuail sé é leis chun é féin agus a iníon a chosaint.
Ach tá Molly Martens cúisithe as a fear céile a bhualadh le bríce pábhála.
Deir ionchúisitheoirí Davidson County i Carolina Thuaidh gur bhuail sí féin agus a hathair Jason Corbett go dtí go fuair sé bás. Deir siad gur buaileadh sa chloigeann é 12 uair ar a laghad agus go raibh a cloigeann brúite.
Fuarthas Jason Corbett go luath ar maidin an 2 Lúnasa, 2015, agus spásaire fola ar fud bhallaí, urláir agus leapacha an tseomra leapa.
Dúirt an tUasal Kingsbery sa chúirt gur inis Jason Corbett bréag leis na húdaráis faoi an chaoi a fuair a chéad bhain bás, ach níor sholáthair sé aon sonraí eile.
Ag an gcéad triail, rinne dlíodóirí do Martens iarracht ráitis a thabhairt isteach, a líomhnaítear gur dúirt Michael Fitzpatrick, athair Margaret Fitzpatrick Corbett, don Uasal Martens.
Maíodh gur chreid sé gurbh é Jason Corbett ba chúis le bás a iníon.
Ach fuair Michael Fitzpatrick bás in 2016 agus dhiúltaigh an Breitheamh David Lee, a bhí i gceannas ar an gcéad triail, iarratas chun na ráitis a thabhairt isteach.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.