Ní féidir leis scóráil dá thír; ní raibh a chlub féin ag iarraidh é. Mar sin cé atá ag íoc €500 milliún le Ronaldo?

01/12/2022

Gheobhaidh Cristiano Ronaldo tuarastal ollmhór tar éis dó glacadh le socrú €500 milliún, chun dul isteach i gclub eile, tar éis Chorn Domhanda Catar.

Scar an laoch peile, atá 37 bliain d’aois, le Manchester United tar éis dó agallaimh conspóideach a dhéanamh le Piers Morgan ar Talk TV.

Insan agallamh cháin sé go géar ceannairí Manchester United, an bainisteoir Erik ten Hag, roinnt iar-chomhpháirtithe foirne (former team-mates) agus daoine eile.

Bhí seacht mí fágtha aige ar a chonradh le Old Trafford ach d’fhógair an club go raibh scartha acu leis ‘trí chomhaontú frithpháirteach’, rud a chiallaigh nach bhfuair sé aon íocaíocht as an gclub a fhágáil.

Mar sin féin, tuairiscítear go bhfuil comhaontú sínithe aige anois le taobh i Saudi Arabia, d’arb ainm Al-Nassr, a fhágfaidh go mbeidh €500 milliún dochreidte aige.

ronald
DOHA, QATAR – NOVEMBER 24: Cristiano Ronaldo of Portugal is brought down by Mohammed Salisu of Ghana during the FIFA World Cup Qatar 2022 Group H match between Portugal and Ghana at Stadium 974 on November 24, 2022 in Doha, Qatar. (Photo by Clive Brunskill/Getty Images)

De réir  tuarascáil ó urlabhraí Real Madrid, Marca, tá conradh dhá bhliain go leith aige, a íocfaidh €200 milliún in aghaidh an tséasúir don laoch Portaingéile.

Ar dtús bhí an chuma ar an scéal go raibh captaen na Portaingéile ag dúil go mór beart a dhéanamh i Sraith na Seaimpíní (Champions League) an séasúr seo tar éis dó United a fhágáil.

Ach ní raibh a ghníomhaire (agent) Jorge Mendes in ann club a aimsiú a thógfadh an pá ollmhóra a bhí á éileamh aige.

Bhí suim ag Newcastle United agus Chelsea ann, ach ansin dhiúltaigh siad glacadh leis mar gheall ar an éileamh pá, mar a rinne Bayern Munich.

Is cosúil gurb é an t-aistriú go dtí Saudi Arabia an club deireanach do Ronaldo, sula dtéann sé ar scor, mura mian leis séasúr ag imirt Major League Soccer (MLS) sna Stáit Aontaithe, ach faoin am sin beidh sé 40 bliain d’aois.

Idir an dá linn beidh sé le feiceáil nuair a imríonn an Phortaingéil a gcluiche deiridh de Chorn an Domhain, sna céimeanna grúpa, i gcoinne na Cóiré Theas Dé hAoine. Agus tá seans ann, fiú, go bhfaigheadh sé cúl.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram