Bean chéile Kinahan ‘Mr Nobody’ ag dul go príosún tar éis cúirt a rá go raibh a phianbhreith ro-bhog

01/12/2022

Tá bean chéile de ball sinsearach an ‘Cartel’ Kinahan, ar a dtugtar ‘Mr Nobody’, le cur i bpríosún de bharr cuidiú le sciúradh airgid (money luandering).

Dúirt an Chúirt Achomhairc (Appeal Court) go raibh a chéad pianbhreith, as cuidiú le beagnach €800,000 in airgead coireachta (crime money) a sciúradh, ró-bhog.

Ar dtús, gearradh pianbhreith trí bliana ar Dheirdre Brady, atá pósta le Declan Brady, ach cuireadh ar fionraí é.

Kinahan2Deirdre Brady 1
Deirdre Brady

Phléadáil Ms Brady, máthair triúr, ciontach as an Acht um Cheartas Coiriúil a bhrise, ag an gCúirt Choiriúil Speisialta i mí Iúil na bliana seo caite.

Chuaigh sí ar a triail in éineacht lena fear céile Declan Brady, atá 56 blian d’aois. Gearradh téarma seacht mbliana agus trí mhí air, as airgead a sciúradh le haghaidh eagraíocht choiriúil.

Fuair ​​an tríú cúisí, máistreás Declan Brady Erika Lukacs, pianbhreith trí bliana, a chuireadh go hiomlán ar fionraí freisin, as a ról i sciúradh beagnach €200,000.

Chuala an chúirt gur sciúradh Declan Brady agus a bhean chéile, atá 55 bliain d’aois, airgead coireachta trí aistrithe trí morgáiste a íoc ar réadmhaoin sa Spáinn, pósadh i nGleann Druid, agus é a thabhairt de baill eile den drong.

KinahanDeclan Brady
Declan Brady

Íocadh bille beáir agus billí seomra ar €27,000 le haghaidh na pósadh le airgead, agus níor fhógair Brady ná a bhean chéile aon ioncam le linn na tréimhse sin, chuala an chúirt freisin.

Inné, ag an gCúirt Achomhairc, cuireadh pianbhreith Ms Brady, as An Bailey, Castlefarm, An Nás, Co Chill Dara, ar neamhní, agus ordaíodh di bliain amháin a chaitheamh sa phríosún, ag tosú i mí Eanáir.

Tar éis éisteacht le hachomharc an Stáit i gcoinne trócaire na pianbhreithe i mí Feabhra, d’fhiafraigh Uachtarán na Cúirte Achomhairc, an Breitheamh George Birmingham: ‘Ar cheap sí go raibh an t-airgead ag teacht ó neamh, nó ó ‘fairy godmother’?’

Rinneadh na cionta sciúrtha idir Eanáir 2014 agus Nollaig 2014 agus bhí €770,000 i gceist leo, a bhain le coireacht.

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram