Tá Gardaí sa tóir ar ghluaisteánaí a rinne físeán (video) de féin ag gáire agus é ag bualadh rothaí dá rothar.
Rinneadh taifeadadh den eachtra, a bhí le feiceáil ar na meáin shóisialta, tráthnóna Dé Domhnaigh i nDún Dealgan, Co Lú.
San fhíseán, tá an tiománaí ag tiomáint Volkswagen agus an chuma air go bhfuil sé ag taifeadadh lena ghuthán ina lámh dheas.
‘An bhfuil a fhios agat cé chomh cruachroíoch (heartless) is atá mé? Féach ar an rothar é. Féach. Féach,’ a deir sé, agus é ag druidim i dtreo an rothaithe.
Buaileann sé an tUasal Rogan as a rothar agus isteach i cairr páirceáilte. Ansin déanann an tiománaí gáire os ard agus deir, ‘Lol, lol (laugh out loud).’
Níl aon duine gafa i ndiaidh na heachtra, a dúirt na gardaí oíche Dé Máirt.
Dúirt urlabhraí de chuid an Gharda Síochána: ‘Tá Gardaí ag fiosrú imbhualadh bóthair a bhain le gluaisteán agus rothar a tharla thart ar 3pm Dé Domhnaigh, 27 Samhain, ar Bhóthar Bhaile an Chaisleáin i nDún Dealgan, Co Lú.
‘Theip ar thiománaí an chairr a bhí i gceist fanacht ar an láthair.’
Tá achomharc GoFundMe curtha ar bun ó shin chun cabhrú leis an Uasal Rogan.
Scríobh an duine a bhunaigh an tiomsaitheoir airgid (fundraiser), Graham Donnelly: ‘Bhraith mé tinn ag breathnú ar an bhfíseán… níl aithne phearsanta agam ar Mark… Tá súil agam go bhfuil an amadán sa charr gafa agus faoi ghlas.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.