Eagla faoi fhear le bratach LADT a rith ar an bpáirc le linn chluiche na Portaingéile in aghaidh Uragua i Catar

29/11/2022

Chuir ionróir páirce (pitch invader), a bhí ag iompar bratach Bród, isteach ar imeachtaí nuair a bhuail an Phortaingéil le Uragua i gCorn Domhanda Catar tráthnóna Dé Luain.

Cúpla nóiméad isteach sa dara leath den chluiche, a bhuaigh an Phortaingéil 2-0 sa deireadh, cuireadh isteach ar na himeachtaí nuair a rith ball den slua isteach ar pháirc Staid Lusail.

Bhí T-léine á chaitheamh aige le ‘Save Ukraine’ ar an brollach agus ‘Respect for Iranian Women’ ar a chúl, agus bratach tuar ceatha (rainbow flags) á iompar aige freisin.

raINBOWPIC2 1

Chuaigh triúr gardaí slándála i ndiaidh an agóideoir, a bhí i mbaol mór, chun é a tharraing as an bpáirc.

Bhí go leor conspóidí ag Corn an Domhain i gCatar ó thús, mar gheall ar an gcaoi ar chaith an náisiún leis an bpobal LADT, oibrithe inimirceacha agus toisc gur ghlac FIFA le héileamh Catar nár cheart cead a thabhairt do chaptaein foirne na bandaí muinchille ‘OneLove’ agus bratacha Bród a chaitheamh.

Ceadaítear dathanna tuar ceatha ag staidiamaí anois, ach bhí cosc ​​ar lucht leanúna roimhe seo dul isteach i staidiamaí má bhí siad ag caitheamh dathanna tuar ceatha de chineál ar bith.

Sna cluichí tosaigh, chlúdaigh imreoirí na Gearmáine a mbéal le haghaidh a ngrianghraf foirne chun agóid a dhéanamh i gcoinne FIFA ag cur bac ar chaitheamh na mbannaí OneLove.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram