Thug athair an sheikh atá ag iarraidh Manchester United a cheannach airgead i málaí don Rí Charles

Tá an sheikh Catari, a bhfuil tairiscint €4.5 billiún déanta aige chun Manchester United a cheannach, ina mhac d’iar-Phríomh-Aire conspóideach a thug málaí líonta le na milliúin punt do Rí Charles na Breataine.

Léirigh Sheikh Jassim bin Hamad Al Thani, 40, cathaoirleach Banc Ioslamach Catar (Qatar Islamic Bank), a togra le haghaidh Manchester United Dé hAoine.

Charles feat 768x448 1
Rí Charles

Fuair Sheikh Jassim a chuid oideachais ag Sandhurst sa Bhreatain agus bhí a athair, iar-Phríomh-Aire Catar Hamad bin Jassim bin Jaber Al Thani, fite fuaite i scannal ríoga na Breataine anuraidh tar éis dó teacht chun solais gur bhronn sé €3 milliún in airgead tirim ar Charles idir 2011 agus 2015.

Tuairiscítear gur thug an sheikh, atá 63 bliain d’aois, €1 milliún do Charles, a cuireadh i málaí de chuid Fortnum & Mason.

Is stór é Fortnum & Mason don ard aicme i Londain a dhéileálann le bia allmhairithe coimhthíocha (exotic). Tá seoladh amháin aige ag an Royal Exchange.

Ghlac Prionsa Charles na Breataine Bige, mar a bhí ag an am, le hairgead ón sheikh ina raibh €1 milliún breise le linn cruinnithe i dTeach Clarence in 2015.

Tugadh mála taistil le €1 milliún do Charles ar ócáid eile.

Mhaígh foinsí gur íocadh na síntiúis iomlána isteach sa chuntas bainc do Chiste Carthanachta Phrionsa na Breataine Bige (Prince of Wales’s Charitable Fund).

glazerbrothers0
Na deartháireacha Glazer

Ach d’ardaigh an eachtra ceisteanna úra faoin airgead a bhí Charles á fháil, toisc go raibh bronntanas €1.1 milliún faighte ag an gciste carthanachta roimhe seo ó leathdheartháireacha Osama bin Laden, Bakr agus Shafiq.

B’éigean d’iarchúntóir Charles Michael Fawcett éirí as mar phríomhfheidhmeannach Fhondúireacht an Phrionsa (The Prince’s Foundation) in 2021 freisin tar éis an nuacht a theacht amach go raibh litir inar gheall sé cabhrú le deontóir ón Araib Shádach ridireacht agus saoránacht Bhriotanach a fháil.

Tá tairiscint ‘substaintiúil’ déanta ag mac an iar-phríomhaire Sheikh Jassim, a bhí ar bhord Credit Suisse roimhe seo, do Manchester United.

Sheikh Jassim Bin Hamad Al Thani 1168x681 1
Sheikh Jassim bin Hamad Al Thani

D’áitigh sé freisin go ndéanfaí gach brabús faoina úinéireacht a ath-infheistiú sa phobal.

Mar sin féin, tá imní ar lucht leanúna tiomnaithe Manchester United faoi spéis Catar ina gclub agus creideann siad go bhfuil siad ag iarraidh meas a cheannach do réimeas a cáineadh as an gcaoi ar chaith sé le hoibrithe inimirceacha agus le baill den phobal LBGT.

Deirtear go bhfuil ‘sportswashing’ i gceist.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram