Téarma príosúin ocht mbliana gearrtha ar seaimpín badmantan a d’íoc mná as ligean dó mí-úsáid a bhaint as a gcuid leanaí

29/11/2022

Gearradh ocht mbliana sa phríosún ar seaimpín badmantan as Ciarraí a d’íoc mná as rochtain a fháil ar a bpáistí ar mhaithe lena sásamh gnéis ‘uafásach’ féin.

Rinne Timmy Duggan, 35, iarracht freisin fabhair ghnéasacha a lorg ó leanaí óga trí súracáin agus airgead a thairiscint dóibh. Cuireadh an bhliain deiridh dá phianbhreith ar fionraí don fhear as Mountain Lodge, an tEanach, Trá Lí, Co. Chiarraí, ach atá as Maigh Bhán ó dhúchas.

Tá bean, a dhíol pictiúir dá leanaí le Duggan, curtha i bpríosún ar feadh trí bliana, ach tá an 18 mí deiridh curtha ar fionraí.

Ní féidir an bhean a ainmniú chun a leanaí a chosaint.

AbuseTimmy Duggan2
Timmy Duggan

Tá Duggan agus an bhean araon le cur ar chlár na gciontóirí gnéis ar feadh tréimhse éiginnte.

Chuir abhcóide Duggan féin, Mark Nicholas, síos ar a ghníomhartha mar rud ‘go hiomlán suarach’.

Bhí Duggan le dul ar a thriail ar 47 cion gnéis in aghaidh leanaí, ach ghlac an Stát le pléadáil le 22 cion ó ionsaí gnéis ar leanaí, dúshaothrú gnéasach leanaí, leanaí a ghríosú chun dul i mbun gnímh ghnéis, íomhánna de leanaí nochta a bheith aige, agus daoine eile a spreagadh chun ‘pornagrafaíocht leanaí’ a tháirgeadh, lena n-áirítear máithreacha an íospartaigh.

Tharla na cionta ag láithreacha i Luimneach agus i gCiarraí ar dhátaí idir 2015 agus 2021.

Cuireadh na Gardaí ar an eolas tar éis d’athair beirt chailíní óga teacht ar theachtaireachtaí míchuí a sheol Duggan chuig na cailíní trí Snapchat.

Dúirt an Breitheamh Elva Duffy go raibh Duggan cleasach agus glic sa chaoi ar fhéach sé le leanaí óga a mhealladh.

Go deimhin, arsa an breitheamh, bhí na teachtaireachtaí idir Duggan agus máthair dhuine de na leanaí siabhránach, gáirsiúil agus fíor-mhíthaitneamhach.

Tralee Court 1
Teach na Cúirte, Trá Lí

Ghlac an breitheamh leis gur chomhoibrigh Duggan leis na Gardaí ach dúirt sí go gcaithfeadh sí cur san áireamh – agus fad an téarma príosúin á mheas aici – go raibh na coireanna chomh tromchúiseach agus go ndearna sé an oiread acu i gcaitheamh roinnt blianta.

Cé nárbh iad na coireanna ba ghránna dá gcineál iad, a dúirt sí, bhí imní uirthi go bhféadfadh an ciontóir a leithéid a dhéanamh arís. Is cosúil, ar sí, nach bhfuil léargas ceart aige fós ar a ndearna sé.

Ciontaíodh é sa Phríomh-Chúirt Choiriúil i dTrá Lí Déardaoin seo caite.

Dúirt an Breitheamh Duffy gur dhíol an bhean a leanaí le Duggan nuair ba chóra di a bheith á gcosaint.

Feall ar iontaoibh den chineál is bunúsaí a bhí ann, arsa an breitheamh.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram