Maireann an Ghearmáin tar éis cluiche crua in aghaidh na Spáinne

28/11/2022

Tháinig Niclas Fullkrug den bhinse chun chomhscór a bhaint amach don Ghearmáin in aghaidh na Spáinne – agus a ndóchas i gCorn an Domhain a choinneáil beo.

Mar gheall ar cailliúint in aghaidh an tSeapáin, ina gcluiche tosaigh i nGrúpa E, d’fhéadfadh go dteipfeadh ar fhoireann Hansi Flick dul tríd go dtí an chéad bhabhta eile, ach tugann an comhscór in aghaidh na Spáinne seans eile dóibh.

Fuair Alvaro Morata an chéad scór don Spáinn, ach ansin fuair Fulkrug cúl na Gearmáine agus chríochnaigh an cluiche 1-1.

Thug bua déanach Costa Rica ar an tSeapáin, níos luaithe sa lá, deis do na Gearmánaigh dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile, ach beidh orthu anois an bua a fháil ar an bhfoireann sin ó Mheiriceá Láir, agus beidh súil acu freisin go mbeidh an bua ag an Spáinn i gcoinne an tSeapáin. Mura dtarlaíonn sé sin, beidh siad ar a mbealach abhaile.

Is díol suntais é nach bhfuil ach ceann amháin dá gcúig chluiche buaite ag an nGearmáin ó bhuaigh siad Corn an Domhain in 2014, ach tabharfaidh an bealach a tháinig siad ón gcúl i gcoinne na Spáinne muinín dóibh.

worldcup

Chuir sábháil iontach Manuel Neuer cosc ​​ar Dani Olmo scóráil don Spáinn tar éis cúig nóiméad, nuair a bhuail sé an liathróid suas ar an gcrosbarra.

Bhí seans ag Serge Gnabry don Ghearmáin ansin nuair a chiceáil cúl báire na Spáinne Unai Simon an liathróid díreach ina treo, ach ní raibh sé in ann an sprioc a bhaint amach.

Rinne Neuer botún den chineál céanna don Ghearmáin díreach ina dhiaidh sin ach sábháladh cic ó Ferran Torres.

Shíl Antonio Rudiger gur chuir sé an Ghearmáin chun tosaigh gar do dheireadh an chéad leath, le ‘header’ ach rinne VAR idirghabháil chun é a chur as an áireamh.

Tháinig Morata chun páirce ansin mar ionadaí don Spáinn, ocht nóiméad tar éis thús an dara leath, in áit Torres.

Rinne cúl báire na Spáinne, Simon, botún eile nuair a stop a phas amach do Pedri, ach d’éirigh le cúl báire Athletic Bilbao cic Joshua Kimmich a stopadh.

Ba cheart go mbeadh an dara cúl faighte ag an Spáinn ach chiceáil Marco Asensio an liathróid thar chúl Neuer.

An cothromóir (equaliser) ó ionadaí Gearmánach Fullkrug, nuair nach raibh ach seacht nóiméad fágtha le himirt.

Chuir Musiala an liathróid tríd go dtí an fear 29 bliain d’aois, a fuair a dhara cúl i gceithre caipín sinsearach, chun dóchas na Gearmáine a choinneáil beo.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram