‘Bhí grá againn dá chéile’ – déanann Helen Mirren machnamh ar a caidreamh le Liam Neeson

Labhair Helen Mirren faoina caidreamh le laoch aisteoireachta na hÉireann Liam Neeson, ag rá go raibh ‘grá acu dá chéile’.

Ba bhliain gnóthach í 2022 do Mirren. Rinne sí an t-aithris don turas, Mr Morale and the Big Steppers le Kendrick Lamar, agus beidh sí le feiceáil i bpictiúrlanna an Nollaig seo mar an bithiúnach  sa scannán nua Shazam

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW

Tháinig Mirren agus Neeson le chéile agus iad ag obair ar an scannán Excalibur, i 1981, agus bhí siad ag cónaí le chéile ar feadh roinnt blianta.

Thosaigh Mirren ag dul amach leis an bhfear a bheadh ​​ina fear céile ar deireadh thiar, an stiúrthóir Meiriceánach Taylor Hackford, i 1986, tar éis di féin agus Neeson deireadh a chur lena gcaidreamh.

Ag breathnú siar ar an am a chaith siad le chéile, dúirt Mirren nach raibh seans ann go mbeadh sí féin agus Neeson le chéile i gcónaí, ainneoin an nasc láidir a bhí acu.

Neeson Mirren 640x373 1
Helen Mirren agus Liam Neeson

Ag labhairt di leis an iris AARP, d’inis Mirren, a bhuaigh Oscar as a ról sa scannán The Queen, faoin nasc atá aici le Neeson, agus faoin ngrá atá aici as éadaí a dhéanamh, lena n-áirítear léinte na bhfear.

‘Rinne mé ceann do Liam, rud aisteach go leor. Bhí grá againn dá chéile. Ach ní raibh sé riamh i gceist gur cheart dúinn a bheith le chéile ar an mbealach sin, ach bhí an-ghrá againn dá chéile. Is breá liom é fós. Is fear iontach é,’ a dúirt sí.

Phós Neeson an t-aisteoir Natasha Richardson i 1994, agus bhí beirt mhac acu sula bhfuair sí bás i Márta 2009.

San agallamh freisin, thug Mirren léargas ar an saol atá aici agus í ag dul in aois, agus na gnéithe dá saol laethúil a athraíonn dá bharr.

Dúirt sí: ‘Na smaointe a bhíonn agat nuair a bhíonn tú 16 bliana d’aois, bíonn na smaointe céanna agat agus tú 76 bliana d’aois, rud atá an-ait.

‘Gach bliain, déanaim rúin na hAthbhliana céanna: ní mhoilleoidh (procrastinate) mé. Agus gach bliain, déanaim é. Déanfaidh mé cumarsáid níos fearr. Agus gach bliain, theipeann orm cumarsáid níos fearr a dhéanamh. Fanann droch-thréithe áirithe leat go deo, feictear domsa.

‘Is duine iomlán difriúil mé i gcomparáid leis an duine a raibh mé ag 22 nó 23 bliana d’aois. Athraíonn do chraiceann fiú. Athraíonn do chorp. Athraíonn an chaoi a n-oibríonn d’intinn.’

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram