Grá sa Swift lane! Tar éis scaradh ó Joe, tá Taylor ag séideadh póga ag Matty … ón stáitse

Míonna tar éis di scaradh óna grá fadtéarmach (long-term love), Joe Alwyn, tá Taylor Swift ag séideadh póga dá grá nua.

Cé gur mhair an rómánsaíocht idir Swift agus Alwyn chomh fada le sé bliana, bhí ráflaí ann roimhe seo faoina grá nua.

Scar Swift agus Alwyn i mí Feabhra.

Taylor Swift 1 1168x681 1
Taylor Swift

Agus anois tá gach rud deimhnithe ag Matty Healy go bhfuil na ráflaí fíor.

Tógadh pictiúr de ag bualadh a chliabhrach (clutching his chest) agus é ag féachaint ar Taylor Swift ag canadh ar an stáitse ag an deireadh seachtaine.

Deirtear go bhfuil Healy, arb é amhránaí an bhanna The 1975 a bhuaigh Brit Award, go paiseanta i ngrá le Swift.

Agus is beag amhras gur mhothaigh sí an rud céanna nuair a dúirt sí na focail ‘I love you’, faoina anáili, ón stáitse, agus í at féachaint ar Healy.

Matty Healy 19751 1168x681 1
Matty Healy

Is cosúil, freisin, go raibh Healy, atá 34 bliain d’aois, ceadaithe ag sár-chara Ms Swift, Gigi Hadid.

Bhí siad sa phictiúr le chéile ag ceolchoirm Taylor Swift I Nashville, Tennessee.

Mar sin dealraíonn sé go bhfuil Healy, a bhfuil a mháthair ina painéalaí ar Loose Women, Denise Welch, ina cuid daingean de ghrúpa cairde Swift anois.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram