Beidh na ‘predators’ amuigh, so bí ag faire ar Oíche Vailintín

Tá rabhadh tugtha do dhaoine a úsáideann suíomhanna ar líne nó aipeanna dhátú a chinntiú go bhfuil siad sábháilte, Lá Fhéile Vailintín.

Tá imní ar na póilíní go bhféadfadh creachadóirí (predators) an lá rómánsúil a úsáid chun dochar a dhéanamh do dhaoine leochaileacha.

Mar sin táthar ag rá le rómánsacha a bheith cúramach agus iad ag bualadh le duine den chéad uair.

valentine2r

Dúirt na póilíní sa Tuaisceart go mbeadh oifigigh ar phatról i gceantair ghnóthach.

Dúirt an Bleachtaire-Cheannfort Lindsay Fisher: ‘Cé go bhfuil formhór na ndaoine a úsáideann suíomhanna ar líne agus aipeanna dhátú ag déanamh amhlaidh le hintinn mhacánta, léiríonn ár dtaithí dúinn go bhfuil daoine ann nach bhfuil siad mar a deir siad, nó a léiríonn iompar gnéasach creiche.

‘Agus daoine ag dul amach le ceiliúradh a dhéanamh ar Fhéile Vailintín, is dócha go bhfeicfimid méadú ar líon na ndaoine ag bualadh le duine a raibh siad ag comhrá leo ar líne, go pearsanta don chéad uair, agus ba mhaith linn a chinntiú go ndéanfaidh siad é seo go sábháilte,’ dúirt sí.

‘Má tá cinneadh á dhéanamh agat bualadh le duine den chéad uair duine le duine, bí cinnte bualadh le chéile in áit phoiblí, cuir do chairde agus do mhuintir ar an eolas faoin gcruinniú seo agus faoin áit a bhfuil tú, agus ná bíodh eagla ort an t-aláram a scairt má bhraitheann tú rud éigin mícheart.

dating2

‘Beidh oifigigh againn amuigh faoin aer freisin ar patról i limistéir ina bhfuil líon mór daoine, ag faire amach d’iompraíochtaí creiche agus ag cosaint iad siúd atá leochaileach.’

I mí na Nollag, sheol an PSNI an tionscnamh ‘Ask for Angela’ chun cabhrú le custaiméirí atá ag mothú neamhshábháilte nó faoi bhagairt a aithint.

Faoin scéim, cuirtear oiliúint ar an bhfoireann fáilteachais agus slándála le go bhféadfadh aon duine a iarrann ‘Angela’ a bheith ag baint úsáide as cód chun a chur in iúl go bhfuil cabhair ag teastáil uathu. Tá beagnach 300 gnóthas tar éis clárú leis an scéim anois.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram