Tá an clár is déanaí de chuid RTE i sraith fhada de sheónna tí, ‘Selling Ireland’s Dream Homes’, á cháineadh go láidir ag an lucht féachana, sular craoladh fiú nóiméad amháin den seó.
Agus an oiread sin daoine ag breathnú ar RTÉ i rith an lae, agus Corn an Domhain á chraoladh, tá an lucht féachana ag fáil bréan de na fógraí don seó nua, ‘Selling Ireland’s Dream Homes’.
Cé nach mbeidh an chéad chlár ar an aer fiú go dtí Dé Luain an 28 Samhain, tá an-fhrustrachas léirithe ag lucht féachana ar Twitter, agus RTÉ a cháineadh as an seó nua a chraoladh anois.
Agus éigeandáil tithíochta agus chíosa mar phríomhábhar cainte an náisiúin faoi láthair, tá seó a leag béim ar thithe ‘brionglóidí’ na ndaoine thar a bheith saibhir cáinte arís agus arís eile.
Léiríonn an fógra, atá á chraoladh le linn beagnach gach sos de chuid RTÉ faoi láthair, ceantálaithe ag siúl timpeall tithe neamhghnácha agus costasacha ag rá rudaí mar ‘Samhlaigh gurbh é seo do theach, samhlaigh tú féin i do chónaí anseo’ agus ‘conas is féidir leat praghas a chur ar an stíl mhaireachtála sin, a sholáthródh cónaí sa réadmhaoin seo?’
Ar ndóigh, faoi láthair, ní theastaíonn ó fhormhór mhuintir na hÉireann ‘an stíl mhaireachtála’ a chuirfeadh teach mór ar fáil, ní theastaíonn uathu ach díon a bheith thar a gceann agus fios a bheith acu go mbeidh siad in ann a gcuid billí fuinnimh a íoc.
Agus na mothúcháin seo á léiriú acu, tá líon mór daoine a chonaic na fógraí don seó nua tar éis dul chuig na meáin shóisialta lena gcuid feirge a chur in iúl.
Ag labhairt dó ar Twitter dúirt duine amháin: ‘Selling Ireland’s Dream Homes, clár maoine eile ar RTÉ agus leath na tíre ag fulaingt i gcruachás tithíochta.’
Dúirt duine eile: ‘Selling Ireland’s Dream Homes’. Clár fíor-bhodhar (tone deaf) eile ó RTÉ nuair a bhíonn daoine ag streachailt le díon a choinneáil thar a gceann agus nach bhfuil mo ghlúin in acmhainn teach a fháil ar cíos nó a cheannach! Dáiríre.’
Scríobh duine amháin: ‘Tá fógra díreach feicthe agam do chlár nua RTÉ dar teideal Selling Ireland’s Dream Homes, áit a dtéann siad taobh istigh de chuid de na tithe is deise agus is costasaí in Éirinn le breathnú orthu.
‘Cad é go díreach atá an lánúin atá ag streachailt leis an gcíos a íoc nó an teaghlach Úcráineach atá ina gcónaí i seomra óstáin ag iarraidh a fheiceáil agus iad ag éisteacht leis an gcraoltóir náisiúnta.’
Déanann RTÉ cur síos ar Selling Ireland’s Dream Homes mar: ‘Réadmhaoin neamhghnách agus costasach, ó lóistí tuaithe go sárshaothair ardteicneolaíochta agus árasáin cois uisce go dtí tithe pinn i lár na cathrach’.
Craolfar é Dé Luain ag 9.30in ar RTÉ 2.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.