Theip ar sheans do Catar éirí go maith i gCorn an Domhain ar an oíche tosaigh, tar éis dóibh a chailleadh 2-0 in aghaidh Ecador, nuair a scóráil captaen Ecador Enner Valencia dhá chúl.
Bhí an fhoireann baile ag dúil go mór tús maith a bheith acu, tar éis blianta de cháineadh as Chorn an Domhain ag dul don tír.
Ach bhí Valencia ró-láidir dóibh, le cic éirice agus ‘header’ breá. Anois beidh siad in aghaidh foirne níos láidre –an tSeineagáil agus na hÍsiltíre.
Is iad foireann Felix Sanchez ó Catar Seaimpíní na hÁise, agus is dócha gur féidir leo a rá gurb iad an fhoireann is oilte sa chomórtas, leis an scuad ar fad lonnaithe sa bhaile agus 11 chluichí chairde imeartha acu ó mhí Iúil.
Mar sin féin, ba iad na chéad óstach a chaill an cluiche tosaigh i 92 bliain, nuair a chaill siad um thráthnóna Dé Domhnaigh ag Staidiam Al Bayt in Al Khor, agus bhí an cuma ann go raibh an líon dá lucht leanúna níos lú nuair a cuireadh tús leis an dara leath.
Shíl Ecador go raibh siad chun tosaigh, go luath sa chluiche, nuair a theip an cúl báire Saad Al Sheeb faoi dhó le cic saor, d’aimsigh Felix Torres an liathróid ag dul trasna an chúl agus chuaigh Valencia isteach le haghaidh cúl.
Mar sin féin, chuir an t-oifigeach Iodálach Daniele Orsato deireadh leis an ceiliúradh tar éis rialú, ón teicneolaíocht leath-uathoibríoch, go raibh Michael Estrada as alt na himeartha (offside).
Ba ghearr a bhí Catar sásta áfach nuair a rinne Al Sheeb ionsaí ar Valencia sa bhosca sa 15ú nóiméad. Ní dhearna iar-fhear West Ham agus Everton aon bhotún, ag rolladh an cic éirice go socair isteach sa chúinne ar dheis. Bhí cúl ag Ecador ansin.
Bhí Catar ag streachailt chun seilbh a fháil ar an liathróid de réir mar a chuaigh Ecador i gceannas, agus bhí cúl eile ag Ecador tar éis leath uair.
Ligeadh de Moises Caicedo ó Brighton dul ó chlé go deas agus chuir sé an liathróid chuig Angelo Preciado, a bhuail é go Valencia a bhí in ann scóráil le ‘header’.
Bhí seans ag Catar cúl a fháil sna soicindí deiridh den chéad leath ach ní raibh Almoez Ali in ann teagmháil sách maith a fháil, agus é i gceannas ar chros Hassan Al Haydos.
Bhí Ecador ar ais go tapaigh sa dara tréimhse freisin agus bhí ar Al Sheeb iarracht Romario Ibarra a stopadh.
Bhí iarracht eile ag Akram Afif le ceathrú uaire an chloig le dul, ach ba chosúil go raibh na hóstach ag rith as smaointe.
D’fhág Valencia an pháirc go luath ina dhiaidh sin, agus Jhon Cifuente ag teacht ina áit.
Bhí Jeremy Sarmiento an tríú imreoir de chuid Brighton ar an bpáirc nuair a tháinig sé ar an bhfód mar ionadaí sa dara leath. Bhí seans iontach aige ach theip air, agus bhí sé as alt na himeartha (offside) ar aon nós.
Faoin am seo d’fhéadfaí lucht leanúna i ngúna traidisiúnta Araibis a fheiceáil ag dul chuige na slí amach i sluaite.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.