Na seanphoirt chéanna: Gearrfar fíneálacha móra ar ‘buskers’ i gCill Airne  as na hamhráin chéanna a sheinm

19/11/2022

Beidh ar cheoltóirí buscála fíneálacha móra a íoc má sheinneann siad na foinn chéanna arís agus arís eile i gCill Airne, má chuirtear fodhlíthe nua i bhfeidhm.

Agus gearrfaidh na húdaráis pionós ar thaibheoirí sráide (street performers) a úsáideann croch-chaint freisin.

Tá gá leis seo, a dúirt bainisteoir sinsearach na comhairle, chun ‘comhréiteach’ a thabhairt isteach.

Killarneynew2

Tá siamsaíocht sráide mar chuid d’eispéireas Chill Áirne, chualathas ag cruinniú den Chomhaire Cheantar Bardasach, ach le blianta fada anuas, tá daoine ag gearán faoi thorann, agus faoi droch-chaighdeán roinnt léirithe.

 Dúradh ag cruinnithe roimhe seo go raibh an t-amhrán céanna á chanadh nó an fonn céanna á sheinm ‘arís agus arís eile’, agus iad an-ghlórach, agus iad ag cur isteach ar shiopadóirí agus ar dhaoine a oibríonn in oifigí.

KillarneyNew
Cill Áirne, Co Ciarraí

Ach ní fhéadfaí aon rud a dhéanamh chun deireadh a chur le sin.

Freisin, bhí gearáin ann anuraidh faoi thaibheoir amháin ag baint úsáide as droch-chaint, agus ag maslú turasóirí Meiriceánacha faoina dtuairimí polaitiúla.

De réir na ndlíthe nua, “ní ceadmhach do thaibheoir sráide focail nó iompar atá leisciúil, maslach nó ciníoch (lena n-áirítear liricí amhráin) a úsáid mar chuid den ghníomhaíocht”.

Téann lucht buscála go Cill Áirne don séasúr turasóireachta agus beidh ar gach taibheoirí sráide éirigh as tar éis dhá uair an chloig in aon áit amháin, agus beidh ar thaibheoirí bogadh “níos mó ná 50 méadar” as an áit chun leanúint ar aghaidh.

Buskers1
Brú ar cheoltóirí. Pic: Getty

‘Ní mór stór dóthanach a bheith ag taibheoirí sráide a sheinneann ceol agus a chanann amhráin chun athrá leanúnach a sheachaint,’ a deir na dlíthe nua.

Beidh gardaí agus oifigigh forfheidhmithe na comhairle in ann monatóireacht a dhéanamh ar na taibheoirí sráide agus fíneálacha de €75 a ghearradh. Féadfar fíneáil suas le €1,500 a ghearradh ar thaibheoirí sa Chúirt Dúiche.

Tá léarscáil de liosta áiteanna ag gabháil leis na dlíthe, agus níl cead gníomhú lasmuigh de na sráideanna sin. Tiocfaidh deireadh leis an ceol ag 9in agus ní féidir tosú roimh 11rn, a dúirt Paul Neary, stiúrthóir seirbhísí gníomhacha. “Mar sin is féidir le gach duine maireachtáil le chéile,” a dúirt an tUasal Neary.

Is é an teorainn torainn do na ceoltóirí  ná 80 deicibeil agus déanfar monatóireacht air seo le trealamh agus le haipeanna fón póca, a dúirt an tUasal Neary.

Mar sin féin, tá ar a laghad 13 teach tábhairne ag scaipeadh ceoil agus ba cheart srianta torainn a chur orthu siúd freisin, a dúirt na comhairleoirí Donal Grady agus Méara Chill Áirne Niall Kelleher.

Mar aon le ceoltóirí, beidh ar ghníomhaithe sorcais sráide ceadúnas a fháil freisin.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram