

Bhí fóram an Rialtais ar an neodracht le déanaí ina ábhar díospóireachta bríomhar le héilimh gur eagraíodh go tapa é agus go raibh na príomhchainteoirí i bhfabhar athruithe in ionad fanacht neodrach.
Chuir agóidí in aghaidh Nato isteach ar roinnt fóram poiblí a raibh an Taoiseach agus an Tánaiste i gceannas orthu.

Labhair an tUachtarán Michael D Higgins amach freisin ar an ábhar, ag rá go raibh an tír ‘playing with fire’ trí dhíospóireacht a dhéanamh ar deireadh a chur leis an seasamh traidisiúnta gan dul chun cogaidh agus saighdiúirí a chur ar mhisin shíocháin amháin.
Ach in a dhiaidh sin cheistigh Teachtaí Dála Fhine Gael a cheart labhairt amach.
Reáchtáil an suíomh nuachta Extra.ie pobalbhreith, áfach, inar fiafraíodh de dhaoine: ‘Conas a vótálfá dá mbeadh reifreann ar neodracht na hÉireann ann.’
Dúirt 57% gurbh fhearr leo go bhfanfadh an tír neodrach, ní raibh 15% cinnte agus níor dúirt ach 29% gur mhaith leo an tír a fheiceáil páirteach le Nato.

Le linn ceann de na díospóireachtaí a bhí ag Fóram Comhairliúcháin an Rialtais ar Bheartas Slándála Idirnáisiúnta (Government’s Consultative Forum on International Security Policy), chuir lucht agóide isteach ar an bplé agus mar fhreagra dúirt an Tánaiste Micheál Martin go bhfuil ‘imní’ air faoi chinniúint na díospóireachta in institiúidí tríú leibhéal.
Thóg Gardaí roinnt agóide amach tar éis conspóid a bheith eatarthu agus an tUasal Martin.
Ag labhairt dó faoin gcur isteach, dúirt an tUasal Martin go gcreideann sé nár cheart an lucht agóide a bhaint as an áit.
Dúirt sé: ‘Is daonlathach mé, creidim sa tsaorchaint, creidim san agóid shíochánta freisin. Ach creidim freisin gur cheart do dhaoine ligean do dhaoine eile labhairt.’
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Agus chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.