

Craic na Seachtaine: GTA 6
Dúinne nach bhfuil ró-eolach ar chúrsaí cluichí ríomhaireachta, is é Grand Theft Auto (GTA) atá i gceist.
Seoladh an chéad chluiche GTA siar sa bhliain 1997 agus, beagnach 30 bliain ina dhiaidh sin, tá daoine fós ag cailleadh an bhloic faoi.

Is i nDún Dé, Albain, a forbraíodh an chéad chluiche GTA, agus bhí beirt Albanach, David Jones agus Mike Dailly, ar na príomhchruthaitheoirí. Is cluiche ríomhaireachta é ina bhfuil deis ag imreoirí saol na coireachta a fhiosrú.
Agus má bhriseann tú an t-ainm féin síos, tugann sé léargas duit ar a bhfuil i gceist leis:
Grand Theft: Goid mhórscála – níl muid ag caint faoi bharra seacláide a sciobadh ón siopa anseo!
Auto: Carranna, feithiclí agus gluaisteáin.

Seoladh an séú leagan den chluiche inniu, Déardaoin, an 19 Samhain 2026. Ach fiú sular cuireadh an cluiche ar fáil le himirt, bhí na réamhcheannacháin ag déanamh ceannlínte, agus meastacháin ag cur luach na ndíolachán ag breis agus billiún euro.
Is ionann sin agus na milliúin cóip den chluiche a bheith díolta sular thosaigh an chéad imreoir ag imirt! Bí ag súil go n-ardóidh na figiúirí sin arís anois agus an cluiche ar fáil do dhaoine ar fud an domhain.
Beidh sé suimiúil chomh maith na scéalta a chloisteáil faoin ‘bhfiabhras GTA’ atá ag dul timpeall faoi láthair.

I gcás chomhlacht innealtóireachta leictreachais Tudi Elektrotechnik i Vín na hOstaire, áfach, ní raibh aon bhréag sa scéal. Tá dhá lá saoire le pá iomlán á dtabhairt don fhoireann, ina bhfuil thart ar 80 fostaí, chun an ócáid speisialta a cheiliúradh.
Agus ní hiad féin amháin atá ag glacadh páirte sa spraoi. Tá lá saoire breise á thairiscint ag an gcomhlacht Eilvéiseach Logitech dá bhreis is 7,000 fostaí freisin, mar chuid dá thionscnamh Logi Game Day.
Ceann de na cúiseanna atá leis an sceitimíní ar fad ná go bhfuil lucht leanúna ag fanacht le GTA 6 le beagnach 13 bliana, ó eisíodh GTA V ar fud an domhain in 2013.

Ina theannta sin, tá go leor cainte déanta faoin gcostas a bhaineann leis an gcluiche a fhorbairt. Bhí ráflaí ann go bhféadfadh sé níos mó a chosain ná an Burj Khalifa, an foirgneamh is airde ar domhan.
Níl aon fhigiúr oifigiúil deimhnithe ag Rockstar Games maidir leis an gcostas, áfach. Ach má tá na meastacháin atá á scaipeadh fíor, is cinnte nach beag an bille a bhí le híoc!
Idir an costas ollmhór, an fanacht fada agus na laethanta saoire breise atá á mbronnadh ag fostóirí, tá rud amháin soiléir: tá GTA 6 ag tabhairt craic don domhan mór – agus cúpla tinneas cinn do na fostóirí chomh maith!
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.