

Cé atá i gceannas ar Chomhdháil Mheiriceá anois?
Tá 100 suíochán sa Seanad, agus tá 51 suíochán ag teastáil chun tromlach a bhaint amach. Tá 54 suíochán ag na Daonlathaigh anois, agus tá tromlach acu sa Seanad.
Tá 435 suíochán i dTeach na nIonadaithe, agus tá 218 suíochán ag teastáil chun tromlach a bhaint amach. Tá 237 suíochán buaite ag na Daonlathaigh go dtí seo. Mar sin, tá tromlach acu sa Teach fosta.

Cén fáth a bhfuil sé seo chomh tábhachtach?
Is iad an Seanad agus Teach na nIonadaithe a dhéanann suas Comhdháil na Stát Aontaithe agus is í an Chomhdháil a phléann agus a ritheann dlíthe feidearálacha na tíre.

Tá Trump tar éis cuid den mhilleán a chur ar an fhíric nach raibh a ainm féin ar an bhallóid, ach dúirt sé go bhfuil sé ag súil le bheith ag obair leis na Daonlathaigh.
Mar sin, cén fáth ar tharla an t-athrú seo?
Tá cúpla cúis ann a d’fhéadfadh an toradh seo a mhíniú.
Ar an chéad dul síos, tá na milliúin Meiriceánach ag streachailt leis an chostas maireachtála.

Tá imní ar dhaoine faoi staid an gheilleagair, faoi shlándáil post agus faoi thionchar na dtaraifí ar an gheilleagar.
Tá deighilt mhór sa tír fosta maidir le cúrsaí inimirce.
Agus ar deireadh, tá míshástacht ann maidir leis an dóigh a bhfuil an tUachtarán ag láimhseáil an chogaidh san Iaráin.
Ach cad a chiallaíonn an bua seo do Trump?
Tarlaíonn toghchán uachtaránachta gach ceithre bliana sna Stáit Aontaithe.
Idir an dá linn, tarlaíonn toghcháin lár téarma leath bealaigh tríd an tréimhse uachtaránachta, is é sin, gach dhá bhliain.

Roimh an toghchán seo, bhí tromlach ag páirtí Trump, na Poblachtánaigh, sa dá theach den Chomhdháil.
Ach anois, agus na Daonlathaigh i gceannas ar an Seanad agus ar Theach na nIonadaithe, tá cumhacht pholaitiúil Trump laghdaithe go mór.
Cad iad na himpleachtaí a bhaineann leis seo?
Ar an chéad dul síos, beidh sé níos deacra do Trump dlíthe nua a chur chun cinn.
Caithfidh an dá theach den Chomhdháil aontú ar an leagan céanna de dhlí sula bhféadfar é a chur faoi bhráid an Uachtaráin.
Ina theannta sin, beidh sé níos deacra dó cuid dá cheapacháin thábhachtacha a fháil faofa, mar tá ról lárnach ag an Seanad sa phróiseas sin.

Mar sin, cé go bhfanfaidh Trump ina Uachtarán go dtí deireadh a théarma, beidh sé i bhfad níos deacra dó a chlár polaitiúil a chur i bhfeidhm.
Is léir nach ionann bua sa toghchán uachtaránachta agus smacht iomlán ar pholaitíocht Mheiriceá.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.