Mná sa spórt ar buille le Sydney Sweeney

Ach is cuma le Sydney faoi na tuairimí!

Tá fearg mhór ar go leor lúthchleasaithe ar fud an domhain tar éis dóibh féachaint ar an bhfógra gealltóireachta is déanaí ina bhfuil an t-aisteoir Sydney Sweeney le feiceáil… agus í beagnach nocht!
Bhí an t-aisteoir le feiceáil i bhfíseán don chomhlacht gealltóireachta Novig, áit a n-úsáideann sí trealamh spóirt éagsúil chun a codanna príobháideacha a chlúdach.

Sydney Sweeney. Pictiúr NovigInstagram
Sydney Sweeney. Pictiúr: Novig/Instagram

Tar éis don fhógra teacht amach, chuir go leor ban a dtuairimí in iúl faoi, ag rá go raibh an chuma ar an scéal go raibh ‘gnéasú á dhéanamh ar spórt na mban’; áfach, thug an t-aisteoir freagra ar an gcáineadh ar na meáin shóisialta.
Ag iarraidh fanacht socair, dúirt an t-iar-shnámhóir Oilimpeach Astrálach Ariarne Titmus: ‘Ní féidir liom a chur síos ar an bhfearg mhór a bhíonn orm nuair a fhéachaim air seo.’

‘Ní hamháin gur masla é do gach bean a chaith a saol ag feabhsú a cuid scileanna, ach do gach bean a bhaineann taitneamh as an spórt mar atá sé i ndáiríre – obair foirne, cairdeas, tiomantas, sármhaitheas, agus aontacht,’ a dúirt sí.
Agus níorbh í an t-aon duine amháin í a chuir a tuairim in iúl…
Bhain an rábálaí Briotanach Amy Hunt úsáid as an agallamh a cuireadh uirthi tar éis rása ag an gcéad chomórtas ‘World Athletics Ultimate Championship’ chun a cuid smaointe a roinnt.

Amy Hunt. Pictiur Getty Images
Amy Hunt. Pictiúr: Getty Images


Tar éis di páirt a ghlacadh sa rás 200m, labhair sí leis na meáin agus dúirt sí: ‘Ba mhór an rud é a bheith mar chuid de rás chomh hiontach sin. Sydney Sweeney, spórt na mban… Obair chrua, allas, fuil agus deora.’

Mar sin féin, is cosúil nach bhfuil aon aiféala ar Sydney Sweeney as páirt a ghlacadh san fhógra, in ainneoin na cáineadh ar fad a fuair sí.
Gan aon fhocail a úsáid, phostáil an t-aisteoir roinnt grianghraf ó na blianta a chuaigh thart ina raibh lúthchleasaithe – fir agus mná ó spóirt éagsúla – ina seasamh agus iad nocht.

Is cosúil go raibh stair ag ESPN maidir le daoine nocht a chur ar a chlúdach tosaigh, agus daoine cáiliúla ar nós Serena Williams, Ronda Rousey, Sue Bird, Megan Rapinoe agus Caroline Wozniacki ag glacadh páirte ann.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram