

Rugadh agus tógadh Ciara Cox sa Spidéal. ‘Tá mo chlann ar fad anseo i gcroílár na Gaeltachta. Bhí an t-ádh orm mar gur rugadh agus tógadh mé le Gaeilge. Fuair mé go leor postannaí ar an gcaoi sin le bheith fírinneach. Thosaigh mé amach i Ros na Rún nuair a bhí mé naoi mbliana d’aois. Thosaigh mé sa Taibhdhearc freisin an bhliain chéanna, 2015. Rinne mé ceoldráma sa Taibhdhearc. Is mar gheall ar an nGaeilge a bhfuair mé an deis sin.’

Is aisteoir óg í Ciara Cox. Agus b’fhéidir gur bhfuair tú an smaoineamh seo agus tú ag léamh an chéad alt díreach ansin – tá croí Ciara istigh i gConamara. Tá sí feicthe againn ag déanamh páirt Maeve i Ros na Rún ar feadh na blianta. Agus i 2023, bhí sí le feiscint ag déanamh an phríomh ról Ella i Saol Ella, sraith mór le rá a bhí ar siúl ar Cúla4.
‘I rith am Nollaig, nuair a bhí an chlann ar fad le chéile, chuir muid seonnaí ar siúl le haghaidh na dtuismitheoirí agus rudaí mar sin. B’in é an chéad tús a bhí leis. Agus ansin, dúirt Mam liom ‘ba cheart dhuit rangannaí drámaíochta a dhéanamh. Agus d’fhreastail mé ar Performing Arts School Galway. Bhí an-suim agam. Bhí mé ann drámatúil mar pháiste. Anois, agus mé níos sine, tá mé ag léamh drámaí an t-am ar fad. Agus is dóigh gur thosaigh sé amach nuair a bhí mé óg, mar bhí paisean agam don aisteoireacht. Ach anois, is rud an-dháiríre é dhom. Ní shamhlaíonn daoine, nuair a ndeireann tú ‘Ó, is aisteoir mé’ go bhfuil sé chomh dáiríre. Ach tá. Agus tá an ghrá agam don aisteoireacht.
‘Bhí an scanraithe sin orm fhéin chomh maith. Tá sé deacair rogha mar sin a dhéanamh, mar deireann go leor daoine leat “Ó, ní fiú é. Ní bheidh post ceart agat, agus rudaí mar sin. Is cuma liom.’

Bhí an ceart ag Ciara. Tá an rogha sin chomh deacair le déanamh. Ach, rinne sí an cinneadh ceart. Agus táimid an-sásta go bhfuil sí ag iarraidh seans a thabhairt di féin.
‘Seo’d é an rud atá mé ag iarraidh a dhéanamh le mo shaol. Faighim sásamh as. Is docha go raibh orm foghlaim gan a bheith ag éisteacht le tuairimí daoine eile, agus mo chroí a leanúint.
‘Is dóigh ar feadh tamall fhada, cheap mé gur ‘hobbie’ a bhí ann, paisean a bhí ann. Agus thaitin sé liom. Ach, ní shamhlaigh mé go dtí gur bhfuair mé an páirt i Saol Ella go d’fhéadfainn é a dhéanamh mar ghairm. Nuair a bhfuair mé an ról Ella i Saol Ella, sraith do pháistí ar Cúla4, sin é an rud is mó a bhfuair mé go dtí seo. Chuir sé gach rud i bpeirspectíocht dhom. Thuig mé ansin go d’fhéadainn é sin a dhéanamh mar ghairm, agus spreag sé sin mé. D’oscail sé dorais dhom. Chas mé le haisteoirí eile , agus bhí siad ag rá liom ‘déanaim é seo an t-am ar fad de ghnáth’. Agus cheap mé ‘Ó óicé, fan. Déanann daoine é seo mar phost, agus tá siadsan ag déanamh alright. Tá siadsan go maith’. D’athraigh sé mo pheirspectíocht ar an gcaoi sin.’

N’fheadar an raibh lucht féachana Ros na Rún ag féachaint ar shraith 30 agus ag rá leo féi, “Cá bhfuil Maeve imithe?” Bhuel, bhí Ciara imithe go dtí an ghealchathair – Baile Átha Cliath – chun cúpla mí a chaitheamh leis an Lir Academy, ceann de na scoileanna aisteoireachta is cáiliúla sa tír.
‘Chuaigh mé ag The Lir. Rinne mé an Foundation in Drama and Theatre Studies an bhliain seo caite.’
Ní raibh an t-athrú sin i gcónaí éasca do Chiara. D’inis sí dom conas mar a bhí sé an Béarla a úsáid agus í i mbun staidéar ann.
‘Mar gheall gur d’fhreastail mé ar scoil ar fad i nGaeilge, le haghaidh an gcéad cúpla seachtain, bhí mé ag smaoineamh, ‘Ó! Tá mé chun fáil i dtrioblóid mar dúirt mé é sin i mBéarla. Agus tá mé ag labhairt i mBéarla. Cén fath go bhfuil mé ag labhairt i mBéarla?’ Mar tá tú ag labhairt le múinteoir. ‘Wait, fan soicind! Níl mé ceaptha Béarla a labhairt!” Ach tá mé ceaptha Béarla a labhairt. Thóg sé tamall orm fáil i dtaithí ar sin.’
In ainneoin seo, áfach, bhí am iontach aici sa Lir. ‘Bhí sé iontach. Bhí múinteoirí iontacha agam. D’fhoghlaim mé an oiread sin. Chas mé le daoine eile a bhfuil an ‘ambition’ sin céanna acub. Bhí sé sin an-cabhrach. Fiú nuair atáim ar an stáitse anois le SAOIRSE, tá mé ag smaoineamh ar na nótaí agus na rudaí a dúirt na múinteoirí liom. Bhí sé an-cabhrach ó thaobh aisteoireacht de.’

Cé gur chríochnaigh SAOIRSE a cuid ama sa Taibhdhearc an Domhnach seo caite, níl an ceoldráma críochnaithe go fóill. Beidh an chliar ag taisteal go Bháile Átha Cliath chun é a chur ar siúl mar chuid den Dublin Fringe Festival.
‘Is ceoldráma é atá an-oscailte do dhaoine b’fhéidir nach bhfuil taithí acub ar an nGaeilge, nó a chuaigh go dtí an nGaeltacht agus cheap siad nach raibh mórán Gaeilge acub. Ach freisin, daoine le Gaeilge ar nós daoine as Chonamara – mar tá dhá scéal atá lámh ar lámh. Tá go leor ag tarlú ar an stáitse. Tá daoine ag tíocht amach as an seó ag rá ‘níor úsáid mé an aip leis na foitheidil toisc gur thuig mé gach rud. Tháinig cuid de mo chairde ón Lir go dtí an seó. Dúirt siad ‘níor úsáid mé an aip, ach thuig muid gach rud. Níor shamhlaigh mé go raibh an oiread sin Gaeilge agam’. Tá sé sin iontach.’
Tá sé sóiléir nach bhfuil Ciara críochnaithe le Baile Átha Cliath fós. Tá sí ag súil go mór le dul go dtí Amharchlann na Péacóige le SAOIRSE (atá beagnach díolta amach ceanna féin, má tá tú ag iarraidh ticéid a cheannach). Ach, tá sí ag súil go mbeidh sí in ann dul thar n-ais chun tuilleadh staidéar a dhéanamh ar an dráma.

‘Tá súil agam Drama and Theatre Studies i gColáiste na Trionóide. Chuir mé isteach ar an saghas scéim Gaeltacht beag – scéim cónaithe. Feicfidh muid an CAO. Tá sé aisteach.’ Ach, ní miste le Ciara faoi sin. Dúirt sí liom go raibh a cuid ama sa Lir an-chabhrach di agus í ag fás mar aisteoir. ‘Ní raibh mé ag iarraidh bliain saor a thógáil. Nuair a nach bhfuil mé gnóthach, tá mé saghas – “Ó no. Ceard a dhéananns mé le mo shaol anois?”. Ach, sin rud atá ag go leor aisteoirí. Nuair atá post agat, tá sé iontach. Is féidir leat a bheith ag obair, agus díriú isteach ar rud éicint. Tá sé deacair fáil i dtaithí ar… mar shampla, uaireantí ní bheidh post agat.
Caithfidh tú rud éicint eile a dhéanamh, b’fhéidir post partaimseatha a fháil, nó rudaí eile a dhéanamh chun suim a choinneáil san aisteoireacht. Is gairm deacair é, más maith leat airgead a thuilleadh, nó saol a chruthú. Ach dhomsa, sin é an t-aon rud atá agam.’
Tar éis dom labhairt le Ciara, ní raibh amhras orm go mbeadh sí in ann saol a chruthú di féin mar gheall ar an aisteoireacht lá amháin. Tá an fhoighne aici. Tá sí an-tiomáinte. Agus gan dabht, tá an tallann aici.
Beidh SAOIRSE curtha ar siúl arís in Amharclann na Péacóige ón 17ú-20ú Mheán Fómhair. Is féidir leat do thicéid a cheannach ar www.abbeytheatre.ie.
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.