Diúltaíonn Paschal Donohoe do mholadh Varadkar ciorruithe cánach a thabhairt d’fhorbróirí

Tá an tAire Airgeadais Paschal Donohoe tar éis diúltú do bheart an Tánaiste ciorruithe cánach (tax cuts) a thabhairt d’fhorbróirí (developers).

Dúirt Leo Varadkar, a bheidh ina Thaoiseach i gceann cúpla seachtain, go bhfuil sé ag iarraidh ciorruithe cánach a thabhairt isteach, le go mbeidh sé ‘inmharthana’ (viable) d’fhorbróirí coinneáil orthu ag tógáil tithe, ainneoin na gcostas ardaithe.

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW

D’iarr sé freisin ar an Roinn Airgeadais ‘aigne níos oscailte’ a bheith acu, maidir le forbairtí cánach agus tithíochta.

Ach tugadh foláireamh don Uasal Donohoe, i mí Lúnasa, go mbeadh bearta dá leithéid costasach don Stát, agus go mbeadh an tionchar acu theoranta ar líon na dtithe a thógfaí.

Nuair a cuireadh ceist ar Aire Fhine Gael, an tUasal Donohoe, faoi thuairimí cheannaire a pháirtí, dúirt an tAire Airgeadais go gcaithfidh an Rialtas a bheith ‘an-chúramach’ maidir le faoiseamh cánach a mhéadú san earnáil sin.

Paschal Donohoe
Paschal Donohoe

‘Ar ndóigh, déanfaidh an Roinn na roghanna atá ann a mheas i gcónaí, chun breathnú ar conas is féidir linn tacú le seachadadh (delivery) níos mó tithe inár dtír,’ a dúirt an tUasal Donohoe.

‘Mar atá léirithe sa Bhuiséad atá díreach déanta agam, agus sna buiséid eile ar fad le blianta beaga anuas, creidim go gcaithfimid a bheith an-chúramach le fás an fhaoisimh chánach (tax relief) inár n-earnáil réadmhaoine (property sector) , mura bhfuilimid muiníneach gur féidir leo níos mó tithe a sheachadadh.

Thug an tUasal Donohoe faoi deara go raibh méideanna ollmhóra maoinithe tugtha cheana féin do ghnólachtaí san earnáil phríobháideach chun tacú le seachadadh tithe.

Roimhe seo, thug oifigigh i roinn an Uasail Donohoe rabhadh (warning) dó gur chuir sosanna cánach le haghaidh tithíochta leis an ngéarchéim airgeadais.

Léiríonn doiciméid, a ullmhaíodh don Aire Airgeadais roimh an mBuiséad, go raibh oifigigh amhrasach faoin gcineál sosanna cánach a mhol an tUasal Varadkar.

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram