Moltaí pleanála nua: Céim eile siar don Ghaeilge

Tá na moltaí maidir leis na treoirlínte pleanála nua do cheantair thuaithe agus Ghaeltachta foilsithe ag an Rialtas, ach tá cáineadh láidir déanta orthu ag daoine atá buartha faoi laghdú na Gaeilge.

Tá súil ag an Rialtas go n-éascóidh na moltaí seo pleanáil i gceantair áirithe trí shrianta a mhaolú, a deir siad, ach deir Conradh na Gaeilge gur buille do na ceantair Ghaeltachta atá sna moltaí.

I gceantair Ghaeltachta, ní mór don iarratasóir pleanála cónaí laistigh de 3 chiliméadar ón suíomh roghnaithe acu agus a bheith ina chónaí ann le 10 mbliana.

Mar sin féin, beidh sé seo 5 bliana dóibh siúd a labhraíonn Gaeilge. Dúirt an Rialtas go dtacóidh sin le neartú agus caomhnú teanga agus chultúr na Gaeltachta.

Dúirt Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, go bhfuil cosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht lárnach sna moltaí
Dúirt Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, go bhfuil cosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht lárnach sna moltaí

Mar sin féin, deir na trí ghrúpa stocaireachta — TINTEÁN, BÁNÚ agus Conradh na Gaeilge — go mbeidh lagú córasach ar thithíocht sa Ghaeltacht mar thoradh ar na moltaí sa Dréacht-Ráiteas Pleanála Náisiúnta maidir le Tithíocht Inbhuanaithe Tuaithe agus Gaeltachta.

Agus d’iarr siad cruinniú éigeandála chun cosc a chur ar chúrsaí dul in olcas.

Dúirt Aire na Gaeltachta, Dara Calleary, go bhfuil cosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht lárnach sna moltaí, de réir tuairisce ar an suíomh nuachta, tuairisc.ie.

Dúirt sé go dtabharfadh an ráiteas cosaint níos soiléire agus níos seasmhaí don Ghaeltacht sa chóras pleanála.

Ach dúirt John Prendergast, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge: ‘Ní seo an treoir a rabhamar ag fanacht léi agus ag súil léi le 5 bliana anuas a chabhródh le muintir na Gaeltachta.

‘Is cur síos atá sa ráiteas a foilsíodh ar a bhfuil ag titim amach i bhformhór na gcontaetha Gaeltachta cheana féin, agus lagú anuas air sin molta ar bhearta teanga d’aonaid tithíochta atá le tógáil.

‘Níl sé seo sásúil, agus údar díomá is ea an treoir thanaí anseo do Chomhairlí Contae tar éis 5 bliana a bheith ag fanacht, ag stocaireacht agus ag agóidíocht.’

Deir na trí ghrúpa stocaireachta go bhfuil cúlú ann agus go bhfuil coinníollacha teanga ar chéatadán níos ísle molta i roinnt mhaith cásanna.

Deir siad freisin go bhfuil tréimhse fheidhme na gclásal teanga níos giorra ná mar atá i bPleananna Forbartha Contaetha reatha ina bhfuil Gaeltacht.

Réimse amháin atá ina ábhar imní mór ná moladh go mbeadh líon na dtithe a bheadh ar fáil do chainteoirí Gaeilge i gceantair Ghaeltachta bunaithe ar líon na dtithe ina labhraítear Gaeilge cheana féin, de réir an Daonáirimh is déanaí, móide 10%.

Ach faoi láthair, tá coinníollacha teanga níos airde ag formhór na bPleananna Forbartha, mar shampla: Dún na nGall, 85%; na Déise, 80%; Cois Fharraige, 80%; agus Ciarraí, 66%.

Mar shampla, sa Ghaeltacht Láir i nDún na nGall, faoi láthair tá coinníoll teanga 85% leagtha ar fhorbairtí os cionn dhá aonad ar feadh 15 bliain. Sna moltaí nua, bheadh sé sin íslithe go 32% don choinníoll teanga, agus é ag feidhmiú ar feadh 10 mbliana.

Tá dúshlán tugtha do rialtais éagsúla le blianta fada mar gheall gur theip orthu tacaíocht tithíochta a sholáthar i gceantair Ghaeltachta. Aithníodh gur tháinig laghdú ar úsáid na Gaeilge mar gheall ar an teip sin.

Mar sin féin, is cosúil go léiríonn na moltaí is déanaí seo go bhfuil an Rialtas reatha réidh glacadh leis an laghdú seo agus nach bhfuil aon phleananna dáiríre acu chun cabhrú leis an nGaeilge fás agus forbairt i gceantair Ghaeltachta.

Dúirt Eibhlín Ní Lionáird, ball TINTEÁN, agus Oifigeach Pleanála Teanga Mhúscraí: ‘Téann an méid atá molta salach ar an dul chun cinn atá déanta agus curtha isteach sna Pleananna Forbartha le blianta beaga anuas maidir le coinníollacha teanga ar fhorbairtí ilaonad tithíochta.

Deir na trí ghrúpa stocaireachta go bhfuil cúlú ann agus go bhfuil coinníollacha teanga ar chéatadán níos ísle molta i roinnt mhaith cásanna
Deir na trí ghrúpa stocaireachta go bhfuil cúlú ann agus go bhfuil coinníollacha teanga ar chéatadán níos ísle molta i roinnt mhaith cásanna

‘Tá imní mhór orainn faoi seo agus tá comhairliúchán agus athbhreithniú le déanamh ina leith.’

Agus dúirt Donncha Ó hÉallaithe, urlabhraí BÁNÚ, go bhfuil cruinniú éigeandála á lorg acu anois.

Dúirt sé: ‘Táimid glan i gcoinne na moltaí maidir le céatadán an choinníoll teanga a bhunú ar an Daonáireamh sa chás go mbeadh sé níos ísle ná Plean Forbartha reatha na gcontaetha Gaeltachta, agus leis an tréimhse fheidhme don chlásal teanga a bheith níos lú.

‘Is léir nár thug Roinn na Gaeltachta ná an Roinn Tithíochta éisteacht dúinn le 5 bliana.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4


Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram