Holly Willoughby ag déanamh ‘This Morning’ nua… ar YouTube

Tá Holly Willoughby ag tosú ar chlár nua ar YouTube a mhairfidh ar feadh ceithre seachtaine. Tá an clár cosúil le This Morning.

Rinne Holly, atá 45 bliana d’aois, cleachtadh príobháideach os comhair an cheamara an tseachtain seo caite.

Tá an comhlacht léiriúcháin anois ag lorg roinnt foirne deiridh sula dtosaíonn an clár.

Together is ainm don chlár. Craolfar é ar líne agus láithreoirí rialta This Morning, Cat Deeley agus Ben Shephard, ar sos samhraidh anois.

Holly Willoughby
Holly Willoughby

Ciallaíonn sé seo go mbeidh Holly in iomaíocht leis an gclár a rinne clú uirthi.

Chuir Holly This Morning i láthair in éineacht le Phillip Schofield san am a chuaigh thart. D’fhág sí an clár i nDeireadh Fómhair 2023.

Tá an clár nua á léiriú ag Hungry Bear Media. Is é a fear céile, Dan Baldwin, atá i gceannas ar an gcomhlacht seo.

Tá eagarthóir físe á lorg ag an gcomhlacht. Deir an fógra poist go mairfidh an obair ar feadh ceithre seachtaine ar dtús, ach go bhféadfaí í a shíneadh go tréimhse suas le bliain.

Dé Luain seo caite, chuir Holly teachtaireacht suas dá 7.9 milliún leantóir ar Instagram.

Dúirt sí go raibh sí ag obair arís lena foireann rialta. Luaigh sí freisin a healaíontóir smididh, a stíleálaí agus a gruagaire.

D’fhág Holly This Morning tar éis gur aimsíodh plean lena fuadach.

Ceithre mhí roimhe sin, d’fhág Phillip Schofield an clár.

D’admhaigh sé go raibh caidreamh aige le comhghleacaí níos óige a d’oibrigh ar an gclár.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram