Scéal ó stair na hÉireann: James Joyce agus ag ceiliúradh an leabhair a cáineadh tráth

Tharla an chéad cheiliúradh mór ar Bloomsday agus James Joyce sa bhliain 1929, cé nár thosnaigh sé in Eirinn go dtí 1954.

D’fhoilsigh Adrienne Monnier, comhpháirtí fhoilsitheoir Ulysses, Sylvia Beach, an t-aistriúchán Fraincise den leabhar cáiliúil de chuid Joyce i mí Feabhra.

Chun 25 bliain an chéad Lá Blooms a cheiliúradh, d’eagraigh sí ‘Déjeuner Ulysse,’ lón ag an Hôtel Léopold (go cuí go leor) in aice le Versailles i mí an Mheithimh sin. Bhí an ócáid ar siúl beagán níos déanaí, áfach, ar an 29ú seachas an 16ú.

Tagann muintir Baile Átha Cliath, agus lucht léitheora James James ó timpeall an domhain, le chéile sa phríomhchathair le ceiliúradh a dhéanamh, ní hamháin ar Ulysses, ach ar James Joyce é féin.

James Joyce
James Joyce

Rugadh James Joyce ar an 2ú Mí Feabhra, 1882 i Ráth Garbh (Rathgar) in Oirthear Bháile Átha Cliath. Bhí a clann mheánaicme.

Bhí a fhios go raibh cúrsaí airgeadais a athar neamh-intuartha. Mar sin féin, d’fhreastail James Joyce ar Choláiste Choill Chualáin Gobhéis, SJ I gContae Cill Dara.

Ach, chríochnaigh sé a haistear oideachas ar Chólaiste Belvedere.  Ba i Belvedere a sháraigh sé an obair i ndáiríre.

Bhain sé céim amach as Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath i 1902. Bá é i 1904 a bhuail sé leis a ghrá geal, Nora Barnacle. Dheineadar an cinneadh bogadh go mórthíre na hEorpa.

Bhogadar timpeall na tíortha agus bhí roinnt poist ag Joyce an mbealach.

Le linn an Chéad Chogadh Domhanda, chónaigh James Joyce i Zurich san Eilvéis. Nuair a bhí sé ann, d’oibrigh sé ar Ulysses. Bhog sé go Páras i 2020, an áit inar chónaigh sé den chuid is mó den am go dtí bliain sula bhfuair sé bás.

Is scéal é Ulysses le James Joyce a bhaineann le lá amháin i saol Leopold Bloom i mBaile Átha Cliath — an 16 Meitheamh 1904, lá ar a dtugtar ‘Bloomsday’ anois.

Leanann an t-úrscéal turas Bloom ar fud na cathrach, ón mbricfeasta go dtí an oíche, agus é ag freastal ar shochraid, ag siúl sna sráideanna, agus ag déileáil le cumha agus le fadhbanna ina phósadh le Molly.

Ag an am céanna, leanann an scéal Stephen Dedalus, fear óg atá ag cuardach brí ina shaol agus ina ealaín.

Is athinsint nua-aimseartha é Ulysses ar eachtraí Odyseus ón Odyssey le Hóiméar. Úsáideann Joyce teicníc ‘sruth na comhfheasa’ (stream of consciousness), áit a léiríonn sé smaointe na gcarachtar mar a thagann siad chucu gan stad gan staonadh, le mothúcháin, cuimhní cinn, agus tagairtí cultúrtha measctha tríd.

Is léiriú domhain, greannmhar, agus uaireanta casta é an t-úrscéal ar shaol an duine. Déanann sé ceiliúradh ar ghnáthshaol na ndaoine i mBaile Átha Cliath, ag cur na mionrudaí—bia, comhrá, agus machnamh—ar leibhéal eipiciúil.

Tá an t-úrscéal fréamhaithe go domhain sa chathair, agus is é an t-atmaisféar uathúil sin, mar aon leis an saibhreas teanga, a fhágann gur saothar litríochta thar na bearta é.

Cé go raibh Ulysses foilsithe den chéad uair I bParás sa bhliain 1922, cuireadh cosc ar an úrscéal sa Bhreatain agus na Stáit Aontaithe Mheiriceá, toisc gur cheap siad go raibh sé ‘graosta’.

Ó shin i leith go dtí na 1930idí, smuigleáladh cóipeanna den úrscéal isteach sa Bhreatain agus sna Stáit Aontaithe. Foilsíodh leaganacha pioróid le linn na tréimhse seo freisin.

Sa lá atá inniubh ann, bíonn go leor scannánóirí, aisteoirí, agus ealaíontóirí ag fáil inspioráid ó Ulysses.

Tá Bloomsday ina deis do mhuintir na hÉireann a bheith chomh cruthaitheach agus a bhí James Joyce é féin.

Cé go raibh James Joyce ag bogadh idir tíortha ar feadh chuid mhaith dá shaol mar dhuine fasta, bhí an-ghrá aige do Bháile Átha Cliath.

Dúirt sé uair amháin, ‘I mo chás féin, scríobhaim i gcónaí faoi Bhaile Átha Cliath, mar má bhím in ann croílár Bhaile Átha Cliath a bhaint amach, is féidir liom croílár gach cathrach ar domhan a bhaint amach. Tá an uilíoch le fáil sa rud sonrach.’

Tá tacaíocht á fáil ag Féile Bloomsday ó Fáilte Ireland agus ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.

Bíonn léamha beo, léirithe, cainteanna, tráth na gceist, agus gníomhaíochtaí don teaghlach ar fad mar chuid den fhéile. Agus ar ndóigh, ní féidir linn dearmad a dhéanamh faoin ngléasadh suas!

Ní rud neamhchoitianta é siúl trí Lár Chathair Bhaile Átha Cliath ar Bloomsday agus go leor daoine a fheiceáil gléasta in éadaí luatha na 1900í.

Tugann sé léargas soiléir duit ar an gcuma a bheadh air dá ndéanfadh daoine ón am sin taisteal in am go Baile Átha Cliath nua-aimseartha 2026.

Bloomsday
Bloomsday

Déanta na fírinne, tá sé chomh coitianta anois nach bhfuil lá ann fiú. Bhí sé ar siúl ón 11-16 Meitheamh I mbliana.

Cé nach bhfuil gach uile dhuine sa chathair ag caitheamh hataí ‘boater’ nó ag léamh Ulysses, tá meas mór ag muintir na cathrach ar an gceiliúradh mar chuid d’aitheantas Bhaile Átha Cliath.

Is cuid de shaol na cathrach é anois, agus spreagann sé atmaisféar spraíúil sna sráideanna, sna tithe tábhairne agus sna siopaí ar fud na cathrach.

I mbeagán focal, is fíor-ócáid í a bhfuil ‘bród cathrach’ ag baint léi anois.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram