

Tá TG4 faoi láthair ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód. Tháinig siad ar an aer i gcaoi spleodrach ar Oíche Shamhna, 1996.
I ndiaidh teachtaireacht ón Uachtarán ag an am, Máire Mhic Róibín, agus píosa ceol álainn á chanadh ag Brian Kennedy, tugadh taispeántas tine ealaíne do bhaill den lucht féachana ar fud na tíre in aice le ceanncheathrú TG4 i mBaile na hAbhann.
Nuair a bhfuair siad seans féachaint ar an bhfoirgneamh céanna, bhí damhsóirí agus ceoltóirí traidisiúnta scaipthe timpeall air.
Thug sé seo léargas soiléir don lucht féachana ar a bhféadfaidís a bheith ag súil leis ar an gcainéal nua – ábhar a raibh spéis ag muintir na hÉireann féachaint air trí Ghaeilge, le cultúr na hÉireann ag croílár gach clár’.
Labhair mé le Máire Aoibhinn Ní Ógáin, Bainisteoir Cartlainne.

‘Is áit taighde é i gcomhair aon duine atá gur spéis leo cúrsaí craolachán, ach go háirithe cúrsaí craolachán na Gaelainn le 30 bhliain anuas,’ a dúirt sí.
‘Tá rochtain againn ar timpeall 9,000 clár, atá sa chartlann anois. Tá nuacht ó 1996 go dtí 2008 ann. Tá an méid sin ábhar spórt, ceol, faisnéis, Ros na Rún, srl ann.
‘An rud iontach faoin tsuímh nua seo ná go bhfuil siad ar fad in aon áit amháin. Is féidir leat cuardach an-simplí a dhéanamh. Is féidir leat an cuardach a shábháil, agus cláracha a dtaitníonn leat a chur isteach i bhfillteán.
‘Má tá tú ag plé le cúrsaí oideachas, is féidir linn cead a thabhairt duit mar mhac léinn, mar shampla, níos mó ábhar a dhéanamh – ach bíonn ort iarratas a dhéanamh. Tá cead agat do thaighde féin a dhéanamh.’
Thug an ócáid seo deis freisin do bhaill fhoirne TG4, san am atá thart agus sa lá atá inniu ann, machnamh a dhéanamh ar cad atá bainte amach acu ó thosaigh sé ag craoladh.
Bhí Sinéad Ní Ghuidhir agus Deirbhile Ní Churraighín ar chinn de na céad láithreoirí. Thug siad isteach TG4 do mhuintir na hÉireann.
Dúirt Sinéad: ‘Bhí mé féin agus Ailbhe Ó Monacháin sa Cheannáras. Bhí muid ag dul trí na línte, agus cén duine a bheadh á labhairt agus an ‘tic-tac’ a bhí ann idir an bheirt againn. Bhí an oíche againn.
‘Bhí cóisirí ar fud na tíre. Bhí daoine i mBaile Átha Cliath agus iad ag amharc ar an teilifís i gConradh na Gaeilge. Ba nóiméad iontach speisialta a bhí ann.’
Labhair Deirbhile, Eagarthóir Coimisiún agus Ceannachán, faoin tionchar atá ag TG4 ar phobal na hÉireann ó thaobh stádas na Gaeilge de.
‘Throid Micheál D. Ó hUiginn, a bhí ina Teachta Dála ag an am, go fíochmhar sa dóigh go mbeadh muidne ar an aer,’ a dúirt sí.
‘Tá ar a laghad dhá ghlúin fásta aníos, agus ní thuigeann siad domhan gan TG4. Tá mé den tuairim go bhfuil níos mó déanta ag TG4 do stádas na Gaeilge ná aon eagraíocht eile. Ó thaobh pobal na hÉireann de, tá TG4 i ndiaidh níos mó a dhéanamh stádas na teanga a ardú i measc an pobal.
Creideann Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4 gur maith le daoine a bheith ag breathnú siar.
Dúirt sí: ‘Tugann sé sásamh de dhaoine a bheith ag breathnú ar shean chláracha, agus ag cuimhniú siar ar a laethanta óige. Tá téarma i mBéarla ó thaobh “nostalgia marketing”, agus tá beagán de sin i gceist.
‘Tá oidhreacht ar leith ar fáil sa chartlann. Agus is cuid de stair na tíre é Chartlann TG4 – go bhfuil TG4 ann le 30 bliain anuas, agus gur féidir breathnú ar an saibhreas sa chartlann anois.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.