Dónall Mac Ruairí i gcroílár an cheoil is ansa linn uilig!

Tá aithne ar mhuintir na nGael ar Dhónall Mac Ruairí mar cheann de na láithreoirí raidió is bríomhara ar raidió na hÉireann. Táimid an-tógtha leis.

Tá Dónall, an ceoltóir as Rann na Feirste, an-tógtha leis a gcuid éisteoirí. Is é ceann de na rudaí is tábhachtach dó agus é ag cur Cóisir Cheoil i láthair ná ardán a thabhairt do phobal na nGael.

Agus é ag labhairt liom i rith na seachtaine, mhachnaigh sé ar a haistear raidió.

‘Tá mé ag obair leis an stáisiún anois… beidh sé fiche bliain anois i mbliana. D’oibrigh mé ar réimse leathan cláracha – cúrsaí reatha go cláracha irise go cláracha cláreacha ceoil,’ arsa Dónall.

Agus le dhá bhliain anuas, tá mé ag obair mar láithreoir Cóisir Cheoil. Is clár é a théanns amach Luan go Déardaoin. Le linn sceideal an gheimhreadh, (bíonn sé ar siúl) ó 2.30in go dtí 17in.

Cóisir Cheoil le Dónall Mac Ruairí
Cóisir Cheoil le Dónall Mac Ruairí

‘Ach anois, agus sceideal an tsamhraidh, tá an chlár beagán níos giorra. Tá mé ar an aer idir 3in agus a 5in,’ arsa Dónall.

‘Is ceoltóir mé fhéin fosta. Is ball den ghrúpa ceoil Clann Mac Ruairí mé – grúpa teaghlach. Tá muid uilig le chéile ó tháinig muid ar an tsaol. Ach mar ghrúpa ceol, tá muid uilig le chéile anois ó 2014.

Mar sin, ní hamháin go bhfuil mé ag plé leis an cheol i mo chuid oibre, ach mo chuid am saor fosta.

‘Is duine dá bhunaitheoirí mé leis An Club Beo mé le Máire Ní Bhraonáin ón ngrúpa ceol Clannad. Bhunaigh muid Club Beo i 2013.

‘Tá sin ag dul ó neart go neart, cé go bhfuil muid iontach buartha agus briste gur cailleadh Máire ansin roinnt seachtainí ó shin,’ arsa Dónall.

‘I dtaca leis an togra seo, “An tAmhrán is Ansa Linn”, mar a dúirt mé tá mé ag obair ar an gCóisir Cheoil ar feadh dhá bhliain.

‘Thug mé faoi deara go raibh cuid mhór iarratais ag teacht isteach fá taobh d’amhráin ar leith. Shíl mé, nach mbeadh sé go deas fáil amach cad é na “tunes” is ansa leis na nGael.

‘Thosaigh an feachtas seo ceithre seachtainí ó shin, agus éirí go maith leis. Dár ndóigh, tá lá mór againn i mBaile Átha Cliath ar an Mháirt seo chugainn, an 23ú lá’,’ arsa Dónall.

‘I Stiúideo a hAon, tá an fheachtas seo ag teacht chun críche. Ar dóigh, cé go bhfuil orm beagán a fhógairt ar an gclár a chuireanns go leor dár n-éisteoirí suim ann, ach tá sin ina rún faoi láthair.

 ‘Sé an rud atá ag tarlú ná tá muid ag cur cuid torthaí na moltóirí i láthair. Mar sin, ón Déardaoin, an t-ochtú lá dhéag, beidh mise i gcuntas chun deiridh ón “Top 40”.

‘Nuair a thosaigh muid é seo, bhí muid ag súil leis “An Top 30” a dhéanamh. Ach, tháinig na moltóirí le chéile, agus bhí muid ag cuideacht á chéile i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo thart.

‘Bhí sé iontach deacair acu tríocha a dhéanamh de. Agus ansin, ar an lá, d’aontaigh na moltóirí gur bhfear dúinn “Top 40” a dhéanamh,’ arsa Dónall.

‘Mar sin, ón Déardaoin seo, beidh mise i gcuntas chun deiridh ó uimhir a daichead go dtí uimhir a fiche. Ansin, ar an Luan seo chugainn, beidh muid ag dul go huimhir a haon déag.

‘Agus ansin, Dé Máirt seo chugainn, an 23ú lá i Stiúideo 1 i mBaile Átha Cliath, tá muid ag tabhairt cuireadh dár n-éisteoirí a bheith inár gcuideachta, áit a mbeidh mise i gcuntas chun deiridh ón uimhir a deich go huimhir a haon’.

Dónall Mac Ruairí
Dónall Mac Ruairí

Tá Dónall ag súil go mór le bheith i mBaile Átha Cliath. Dúirt sé liom go bhfuil rún iontach aige maidir leis an chur i láthair beo.

Cé gur choinnigh Dónall an rún sin, tá sé tábhachtach dó guth na nGael a thaispeáint do mhuintir na hÉireann.

Creideann sé go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil RTÉ ag déanamh páirt lárnach sa cheiliúradh RTÉ100. Dúirt sé liom go raibh am iontach ag RTÉ Raidió na Gaeltachta 50 bliain don stáisiún a chur i láthair siar i 2022.

Agus mé ag labhairt le Dónall, bhí sé soiléir dom cé chomh bainteach agus atá sé, ní hamháin leis a phobal áitiúil i nGaeltacht Dún na nGall.

Tá tuiscint iontach láidir aige ar an gceol a dtaitníonn linn. Agus leis an t’Amhrán is Ansa Linn’, tá sé arís ag iarraidh pobal na hÉireann a thabhairt le chéile chun na rudaí is ‘ansa’ linn a dhéanamh; a bheith ag éisteacht le ceol, liostaí a dhéanamh, agus cinnte, rudaí a bhuacaint.

Má tá suim ag aon duine dul chuig an Chóisir Ceoil i nDomhach Broc ar an Mháirt seo chugainn, is féidir leat ríomhphost a sheoladh chuig amhranrnag@rte.ie.

Tá na ticéid saor in aisce.

Idir an dá linn, éist le Cóisir Cheoil gach Luan go Déardaoin ón a 3pm– 5pm ar www.rte.ie/raidio/rnag/.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram