

Tá Eleanor ar cheann de na haisteoirí leis an phoitéinseal is mó sa tír seo. Tá an Luimníoch thall i Sasana anois ag déanamh staidéar ar an aisteoireacht sa Scoil Drámaíochta Oxford.
Bhí Eleanor le feiscint ag déanamh príomhról Peggy sa scannán rathúil Báite le déanaí. Tá an tír ag tabhairt an tallann atá aici faoi deara anois. Ach, tuigeann muintir Luimnigh an t-aistear fada atá tógtha ag Eleanor.

Chonaiceas Eleanor O’Brien ag obair den chéad uair tuairim is deich mbliana ó shin. Bhí caifé álainn i gCathair Luimnigh ar a dtugtar Chez le Fab. Agus is cinnte go raibh an áit san fab!
Bhailigh na ‘theatre kids’ istigh ann gach Satharn chun ár scíth a ligint. Ní taobh thiar den bhord a bhí Eleanor, áfach.
D’eagraigh Chez le Fab oícheanta amharclannaíochta go minic. Ba le linn na hoícheanta sin go raibh seans ag muintir Luimnigh tallann Eleanor a fheiscint.

I 2021, bhí gairm aisteoireachta Eleanor ag dul ó neart go neart. D’oibrigh sí mar phríomh aisteoir le Honest Arts Theatre Company chun seó mór millteach a chur le chéile – Waiting for Poirot, dráma grinn scríofa ag Mike Finn, Luimníoch mór le rá eile (Killinaskully).
Bhíos ag déanamh staidéar amharclannaíochta i gColáiste Mhuire Gan Smál. D’oibríos agus roinnt cairde go deonach ar Waiting for Poirot. Agus cé go raibh sé deacair an léiriúchán a chur ar siúl gan mórán fadhbanna, bhaineamar amach é go rathúil. Dhíol gach léiriú amach. Ba é an chéad seó a cuireadh ar stáitse in Éirinn ó mhí an Mhárta 2020.

Bhí sé tábhachtach de phobal Luimnigh Eleanor a cheiliúraidh le déanaí, ní hamháin mar gheall ar Báite, ach mar aisteoir áitiúil atá meas agus urraim againn uirthi
‘Rinne an Belltable oíche mhór domsa. Bhí sé chomh deas,’ a deir sí.
‘Nuair a bhí mé ar bhunscoil, bhí múinteoir den scoth againn. Agus bhí an scoil i gcónaí ag eagrú seónna Nollag agus ceolchoirmeacha.
‘Bhain mé taitneamh as na rudaí sin. Ansin, nuair a bhí mé san idirbhliain, bhí siad ag cur seó ar siúl. Fuair mé an príomhról. Chuamar isteach i gcomórtas “All-Ireland”, agus bhuaigh mé “Best Performance”.
Luaigh Eleanor an méid craic a bhí aici agus í ag féachaint ar scannáin agus sraithe teilifíse agus í níos óige.
‘Space Jam. Bhíodh mé ag féachaint ar Space Jam. Michael Jordan has a lot to answer for,’ a dúirt sí agus í ag magadh.
Dúirt Eleanor nach raibh sí cinnte cad a bhí uaithi agus í ag éirí níos sinne. D’eagraigh sé sin nuair a chonaic sí seóanna MIDAS (Mary I Dramatic Arts Society) ina raibh a deirfiúr Johanna páirteach iontu.
‘Ceapaim gur féidir liom é seo a dhéanamh,’ a dúirt sí. Mar sin, rinne Eleanor cúpla seó le MIDAS.

‘Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil spéis agam san aisteoireacht. I mo thuairim, tá sé cosúil le, “Cén fáth ar mhaith le hiasc a bheith ag snámh”. Nuair atáim ag aisteoireacht, sin an uair a mhothaím is beo. Tá an aisteoireacht ionam. Tá mé compordach’.
Níor tógadh Eleanor leis an Ghaelainn, ach bhí fonn uirthi i gcónaí bealach á fháil chun an teanga a aimsiú, ar bhealaí proifisiúnta agus pearsanta.
‘Ceann de na céad scannán a rinne mé ná The Last Rite. Bhí mé ag obair le Colm Meaney. Lá amháin, bhíomar ag ól tae agus ag fanacht don radharc. Is cuimhin liom ceist a chur ar Cholm – “An bhfuil Gaeilge agat, a Choilm?”. “Ó yeah, tá. An bhfuil Gaeilge agat?” “Tá. Ach ceapaim go bhfuil níos mó díograise agam don Ghaeilge ná mar atá focail Gaeilge agam”.’
Dúirt Colm léi, ‘Bhuel, tá sé sin níos tábhachtaí.’
‘Bhí mé ag iarraidh obair trí Ghaeilge. Bhí mé ag cur ceisteanna ar dhaoine: “Conas a oibríonn tú trí Ghaeilge? Cad a bhíonn ort a dhéanamh le dul isteach ann? An gcaithfidh tú a bheith líofa? Cé hiad na daoine?”‘
Fuair Eleanor seans éisteacht Báite a dhéanamh ar seit Ros na Rún.
‘Fuair mé ríomhphost ón stiúrthóir páirteanna Maireád Campbell. Fuair mé éisteacht don ról Bernadette.’
Bhí sí ag maireachtáil i Mainistir na Féile (Abbeyfeale), Contae Luimnigh, nuair a bhfuair sí amach nach raibh Bernadatte faighte aici, ach an príomhról!
Thosnaigh sí ag obair ar a gcuid Gaelainn díreach i ndiaidh.
‘Tá Mainistir na Féile an-chóngarach de Thrá Lí. Bhí ciorcal comhrá i dTrá Lí. Thosaigh mé an freastal air. Bhuail mé le bean, Fiona. Bhí sí go hiontach, mar is aoibhinn léi an teanga.

‘Bhí mé ag caint léi faoin scannán agus dúirt sí go raibh si in ann cabhrú liom. Chuirfinn ceist uirthi mar shampla faoi script nua. “An féidir liom é a thaispeáin duit?” Agus bhíodh sí ag rá “Tar síos”. Bhíomar ag comhrá trí Ghaeilge sula thosnaíomar ag caint faoin script.
‘Bhí Gaeilge ag na léiritheoirí, agus Ruan Magan (an stiúrthóir). Bhí a lán muinín acu ionam. Bhuail mé le Caoimghín Ó hEoghusa (cóitseálaí teanga agus aisteoir). Dúirt mé leis na léiritheoirí go raibh mé ag iarraidh go leor cabhair.
‘Tá éad orm le daoine a d’fhás aníos leis an teanga. Nuair atáim ag caint le m’fhear céile, bím ag rá: “Má tá leanbh againn, caithfimid Gaeilge a úsáid.”
‘Nuair a bhí mé ag na hIFTAS i mBaile Átha Cliath, bhí mé ag breathnú timpeall an tseomra. Ní raibh leath na haisteoirí in Éirinn ann.
‘Cruthaímid scéalaithe ardchaighdeáin. Tá muid an-mhaith ag insint scéalta. In Éirinn, glactar leis sin mar rud cinnte, mar is scéalaí maith iad gach duine. Mar gheall ar Bhéarla na hÉireann, tá tionchar na Gaeilge fós ann.’
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.