Laochra áitiúla EirGrid: Le réalta Dhún na nGall Eamon McGee

Tá Eamon McGee ag obair le Feachtas Laochra Pobail CLG EirGrid ag spreagadh clubanna áitiúla fud fad na tíre chun oibrí deonach a ainmniú.  

Leis an fheachtas EirGrid, aithnítear an ról a bhíonn ag oibrithe deonacha ó thaobh pobail a shaibhriú agus a choinneáil ag imeacht le comórtas náisiúnta.

Agus deir an t-iar-imreoir ar fhoireann peile Dhún na nGall gurb iad na laochra áitiúla cnámh droma CLG.

Tá EirGrid, oibreoir agus forbróir eangach leictreachais na hÉireann, tiomanta don rannpháirtíocht le pobail áitiúla agus iad ag obair i dtreo soláthar leictreachais sábháilte, slán agus iontaofa a chinntiú do chách.  

Fuarthas go leor iarratais san fheachtas anuraidh agus ba í Mary Cooke ó CLG Naomh Bríd sa Lathaigh, Co Dhún na nGall, a bhuaigh.  

In 2026, tá an comórtas leathnaithe amach chun níos mó oibrithe deonacha ó fud fad na tíre a aithint.

Roghnófar ceathrar mar bhuaiteoirí cúige agus tabharfar aitheantas don té a roghnófar sa dara háit i ngach cúige freisin mar chuid de réamhbhabhta.   

Gheobhaidh clubanna sannta na mbuaiteoirí cúige €5,000, agus bronnfar €1,500 ar na clubanna sa dara háit i ngach cúige.  

Ag labhairt dó ag seoladh Fheachtas Laochra Pobail CLG EirGrid i bPáirc an Chrócaigh le déanaí, dúirt Eamon: ‘Gan na daoine seo, ní bheadh Cumann Lúthcleas Gael ar bith ann
Ag labhairt dó ag seoladh Fheachtas Laochra Pobail CLG EirGrid i bPáirc an Chrócaigh le déanaí, dúirt Eamon: ‘Gan na daoine seo, ní bheadh Cumann Lúthcleas Gael ar bith ann

Roghnófar buaiteoir náisiúnta as na buaiteoirí cúige, agus gheobhaidh club an duine sin €5,000 sa bhreis, duais iomlán de €10,000 mar sin.   

Ag labhairt dó ag seoladh Fheachtas Laochra Pobail CLG EirGrid i bPáirc an Chrócaigh le déanaí, dúirt Eamon: ‘Gan na daoine seo, ní bheadh Cumann Lúthcleas Gael ar bith ann.  

‘Táim ag smaoineamh ar mo thuismitheoirí ar dtús, ach freisin ar dhaoine ar nós Shay Mulligan. Chuir sé lear mór ama isteach.

‘D’oibrigh sé leis an scoil mar chóitseálaí agus d’oibrigh sé sa chlub fosta.  
‘Thug Shay an grá dom fá choinne an pheil agus tá mé i gcónaí buíoch dó as sin.’  

Agus ag labhairt dó maidir leis an fheachtas Laochra Pobail, dúirt sé: ‘Tá aithne ag achan duine i gcumann CLG ar Laoch Pobail iad. Bíonn siad ag obair go crua fá choinne an chlub agus ag cur a n-am isteach ann.

‘Tá sé tábhachtach go léiríonn muidne ár mbuíochas leo as an obair sin.’  

Is féidir teacht ar níos mó sonraí faoin dóigh le cur isteach ar fheachtas Laochra Pobail EirGrid ag eirgrid.ie/gaa 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram