

Bíonn go leor plé ar uathachas (autism) agus ADHD sa phobal na laethanta seo. Ach an bhfuil tuiscint mhaith ag daonra ginearálta na hÉireann ar néara-éagsúlacht (neurodiversity)?
Tá clár nua agus uathúil ag tosú oíche Déardaoin ar RTÉ a hAon. Déanfaidh Intinní Áille – Beautiful Minds iniúchadh ar néara-éagsúlacht in Éirinn.
Téann láithreoir Róisín Ní Thomáin ar aistear ar fud na tíre ag foghlaim faoina dúshláin a mbíonn ag muintir néara-éagsúlachta.

Tá Róisín, máthair triúr a bhí ina láithreoir TG4, anois ag obair mar mhúinteoir riachtanas speisialta le 20 bliain anuas.
Sa chlár seo, labhraíonn sí le daoine idir óg agus aosta faoin gcaoi a mbíonn tionchar ag néara-eagsúlacht ar a saol laethúil. Feidhmíonn an clár mar oideachas dóibh siúd nach bhfuil mórán tuisceana acu ar uathachas agus ADHD ar chor ar bith.
Creidtear go bhfuil idir 15% agus 20% de phobal na hÉireann néara-éagsúil, agus is minic nach ndéantar an diagnóis go dtí go mbíonn siad ina ndaoine fásta.
Rinneadh diagnóis ar dhuine de pháistí Róisín féin, agus níl a fhios ag Róisín anois an amhlaidh nár tugadh rud éigin ríthábhachtach faoi deara agus í féin ag fás aníos.
I staidéir a rinneadh le déanaí, léiríodh gur rud í an néara-éagsúlacht is féidir a thabhairt leat go héasca ó bhreith, agus tá Róisín den tuairim go bhféadfadh sí féin a bheith néara-éagsúil chomh maith.
Leanaimid í ar a turas pearsanta féin agus í ag bualadh le saineolaithe i réimse na néara-éagsúlachta; buaileann sí lena muintir féin agus a cairde chomh maith chun labhairt ar a haistear féin agus freagraí á lorg aici.
Ag deireadh an chláir faisnéise, tugann Róisín faoin phróiseas measúnaithe le haghaidh ADHD.
Pléann Intinní Áille – Beautiful Minds ábhar atá fíor thochtmhar.
Buailimid le cúpla, Riley agus Savannah atá 13 bliain d’aois. Tá uathachas ar Riley, agus tá Savannah néara-éagsúil.
Ní féidir le Riley freastail ar scoil, agus feicimid an tionchar deacair atá aige seo ar an gclann.
Trí bualadh le daoine atá buailte go díreach, machnaíonn Róisín ar an bpróiseas diagnóis a d’fhéadfadh mearbhall a chruthú.
Déanann sí machnamh freisin faoi na neamhchinnteachtaí a bhíonn ag daoine faoin speictream agus an chaoi a bhíonn daoine ag smaoineamh uaireanta an bhfuil ADHD orthu féin, nó an bhfuil siad róghnóthach, mar shampla.
Socraíonn sí a fháil amach an bhféadfadh ADHD a bheith uirthi féin.
Dúirt Róisín: ‘Le linn an aistir seo, bhí sé de phribhléid agam bualadh le daoine fíorspreagúla a roinn a gcuid scéalta go fial liom.
‘Chuir na comhráite seo le mo thuiscint ar na dúshláin ar leith atá roimh an bpobal néara-éagsúil, agus léiríodh lena linn bunfhírinne lom amháin: ní hé amháin gur cuidiú é an tacaíocht cheart a fháil in am, ach is rud é a chuireann cor cinniúnach i saol an duine.’
Seo mar a labhair an stiúrthóir Sinéad Ingoldsby: ‘Cé go bhfuil níos mó plé á dhéanamh ar chúrsaí néara-éagsúlachta sna meáin faoi láthair, go fóill féin tá an-chuid daoine dall ar na dúshláin a bhaineann leis an saol atá cumtha don phobal néaraitipiciúil.
‘A bhuí le taithí an-phearsanta Róisín, caitear solas ar na míchothromaíochtaí agus ar na réamhchlaontaí atá i bhfolach go minic agus a bhíonn roimh an phobal néara-éagsúil, pobal atá ag dul i méid.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.