Aistear Gaelainne: An bealach is fearr chun ár dteanga álainn a fhoghlaim

Agus Seachtain na Gaeilge fós linn (go dtí Márta 17), seo Aoife Ní Bhraoin ag scríobh faoin gcaoi ar thit sí i ngrá lenár dteanga dhúchais

Sea – b’in mise sa phictiúr leis an fhoireann Ros na Rún. Ceann de na clár is ansa liom. Tá sé deacair le creidiúint go raibh an deis agam bualadh leo. Ní chainteoir dúchais Gaelainne mise. Tógadh mé i mbruachbhailte Chathair Luimnigh, ní sa Spidéal.

Ní raibh Luimneach bríomhar leis an Ghaelainn ag an am sin. Ní raibh suim dá laghad agam sa Ghaelainn agus mé ar scoil. Ach, rith sé liom go rabhas ag iarraidh tús a chur le m’aistear Gaeilge.

Seo mar a rinne mé é.

  1. Téigh go dtí an Ghaeltacht (aon Ghaeltacht)

Cuir síos Duolingo agus téigh amach i do ghluaisteán nó ar an mbus. Is fiú go mór é. Ní féidir leat fheabhas a chur ar do chuid Gaelainn gan í a labhairt.

Chomh maith leis sin, tá go leor de na radhairc is áille sa tír ag na Gaeltachtaí. Is aoibhinn liomsa a bheith ag tiomáint ar na bóithre Conamara. Is féidir liom a bheith i mo shuaimhneas agus mé ann.

Corca Dhuibhne. Pictiur Curtha ar fail
Baile An Fheirtéaraigh, Contae Chiarraí. Pictiúr: Curtha ar fáil

2. Féach ar TG4 agus RTÉ

B’fhéidir go bhfuil sé seo follasach (obvious), ach cabhróidh éisteacht leis an Ghaelainn leat ar d’aistear. Is cinnte go bhfuil TG4 lán le cláir Gaelainne.

Gaelainn
Tosnaíonn go leor duine ag foghlaim na Gaelainne tríd Ros na Rún. Pictiúr: Ros na Run/Curtha ar fáil

Tá RTÉ ag déanamh go hiontach ó thaobh na Gaelainn de chomh maith. Má taim in ísle brí, cuirim RTÉ Raidió na Gaeltachta ar siúl ag 11rn le éisteacht le Barrscéalta.

Nuair atáim ag iarraidh mo scíth a ligint, cuirim cláir ar nós Realtaí na Gaeltachta, Cloch le Carn, agus Ghig Mhór ar siúl. Tá siad ar faíl ar Sheinnteoir RTÉ (RTÉ Player).

RTE

3. Féach ar BBC

Bíonn an BBC ag craoladh cláir Gaelainne go minic. Chuireadar an scannán Nollaí, cartúin faoi réinfhianna speisialta agus agus a chara daonna, amach le linn Mí na Nollag.

Nollai. BBC
Nollaí. Pictiúr: BBC Tuaisceat Éireann/Curtha ar fáil

Tá go leor do dhaoine fasta ag BBC Gaeilge chomh maith. Nuair a bhíos ag foghlaim na Gaelainne, d’fhéach mé ar chláir ar nós Bog Amach, ar an Sliabh, Eádaí Sos, agus Gairm le Gaeilge. Bhíodar go léir an-chabhrach domsa agus mé ar m’aistear, agus siamsúil, ar ndóigh.

4. Bí ag éisteacht le gach canúint

Bualaim le Gaeilgeoirí eile go minic. Is iad mo chairde iad, mo chomhghleacaí, agus daoine a chuirim faoi agallamh.

Tagann siad ó gach cearn den tír. Agus bíonn na daoine céanna ag rá liom, ‘Ní thuigim canúint Gaoth Dobhair’, agus ‘Tá canúint Corca Dhuibhne deacair le leanúint’.

Nuair a thosnaíos ag foghlaim, ní raibh aon chanúint agam. Ach, bhí a fhios agam go rabhas ag iarraidh ceann Mumhan a fhorbairt.

Tá sé sin déanta agam anois, ach mar sin féin, bhíos ag iarraidh gach Gaeilgeoir a thuiscint.

Mar sin, rinneas iarracht taistil ionas go mbeinn in ann labhairt le gach saghas Gaeilgeoir. Bhí sé deacair ach bhí sé spraíúil freisin.

Táim tar éis bualadh leis an oiread sin daoine iontacha, mar gheall ar an gcinneadh sin.

Thug sé chomh fada le Londain mé anuraidh le labhairt le fear d’arbh ainm Oscar, mar chuid d’oibre a rinneas le RTÉ Raidió na Gaeilge, fear álainn as Corcaigh le Gaeilge iontach, atá ina chónaí i gCamden ó na 1970idí.

Bhíomar chun labhairt in aice leis an London Eye ar feadh 20 nóiméad. Ach labhraíomar ar feadh 50 nóiméad toisc go raibh sé chomh suimiúil sin.

Mise agus Oscar
Mise agus Oscar

5. Bí istigh leat féin, agus bí oscailte do gach rud

Má tá tú oscailte, beidh sé níos éasca sult a bhaint as d’aistear Gaelainne. Déan do dhícheall. Ná bí ródháirire. Agus má tá tú, téigh chuig do chiorcal comhrá áitiúil, bíodh tae nó deoch agat, agus lig do scíth le do chairde Gael.

Ní bheidh sé foirfe. Ní bheidh sé éasca. Ach, beidh sé thar barr.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram