

Do pheileadóir nó iománaí níl aon rud níos milse ná bua sa chraobh ceannais i bPáirc an Chrócaigh. Tharla sé d’fhoireann sóisear na Ceathrún Rua anuraidh agus tá na peileadóirí agus an baile féin ar mil na meala ó shin.
Tá cúis ceiliúrtha eile acu anois. Seoladh leabhar, ‘Bliain an Ghaisce’ leis an ngrianghrafadóir Seán Ó Mainnín agus le téacs ón scríbhneoir Tomás Mac Con Iomaire.

Bhí an seoladh sa bhialann, An Chistin, sa Cheathrú Rua, i nGaeltacht na Gaillimhe, an Satharn seo caite, áit ar bhailigh idir 150 agus 200 duine isteach chun an gaisce a bhlaiseadh in athuair.
A leithéid de mhilseacht!
Mórlaoch peile na Gaillimhe agus fear Rua é féin, Seán Óg de Paor, a rinne an seoladh. Bhí teachtaireachtaí dea-thola ó Uachtarán an CLG Jarlath Burns, ó chathaoirleach CLG An Ghaeltacht agus mórlaoch peile Chiarraí, Dara Ó Cinnéide.

Ar ndóigh tá blas a ngaisce féin fós milis ina mbéal ag An Ghaeltacht tar éis an ghradaim céanna a bhaint amach cúpla seachtain ó shin.
Bhí tionscnaimh an leabhair ar intinn Sheáin Uí Mhainnín a bhí ar an taobhlíne don chluiche sin agus do na cluichí craoibhe go dtí sin a luaithe is a shéid an réiteoir an fheadóg ag 4.30 i.n. an 25 Eanáir na bliana seo caite.

Tá Seán ina chónaí ar an gCeathrú Rua le 23 bliain.
Tá sé ag glacadh pictiúr de mhuintir na háite, go pearsanta agus do ghnó, an tréimhse sin anuas.
Cé gur thosaigh sé amach mar leabhar spóirt, tharla claochlú: tarraingíodh isteach ní amháin peileadóirí ach bádóirí, ealaíontóirí, scríbhneoirí agus aisteoirí.
Shocraigh sé saol agus cultúr Gaelach an bhaile Gaeltachta is mó sa tír a chur os comhar an domhan sa leabhar.

‘Is baile speisialta é An Cheathrú Rua. Fanann a mhuintir dílis dá gcultúr, sa cheol, sa sean-nós, sa teanga. Bhí léargas ar leith agam den tsainiúlacht tréithe sin,’ arsa Seán.
Mhéadaigh sé an leabhar fá dhó beagnach agus tá Seán an-bhuíoch lena scríbhneoir, Tomás Mac Con Iomaire agus lena eagarthóir Dónal Ó Braonáin a choinnigh foighneach leis.

Leabhar toirtiúil ‘coffee table’ atá sa saothar a seoladh Dé Sathairn.
‘Chuaigh mé thar bhuiséad go mór,’ a deir Seán an foilsitheoir le gáire.
‘Ach is fearr liom gradam ná airgead. Bhuel is fearr liom gradam agus airgead dáiríre ach an gradam sa chéad áit.’
Tá ‘Bliain an Ghaisce’ foilsithe ag Hup Conamara Publishing agus ar fáil sna siopaí áitiúla ar an gCeathrú Rua agus le hordú ar shuíomh idirlín: www.seanomainnin.com

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.