Oscar? Táim ag athrú clúidíni (nappies), a deir Jessie Buckley

… Agus is é freagra na ceiste móire ná, ‘Níl’! Sé sin níl óráid scríofa aici do Ghradaim an Acadaimh (ach d’iarr sí cúpla nod!).

Bhí cuma álainn ar Jessie Buckley ar an gcairpéad dearg i Londain oíche Dé Sathairn. Bhí Jessie ag caitheamh gúna bán seacain (sequined) agus í ag tabhairt barróg dá ‘mac’ ar an scáileán, Jacobi Jupe, atá i ról Hamnet sa scannán mór le rá sin.

Jessie Buckley
Paul Mescal, Jessie Buckley, Jacobi Jupe agus Chloé Zhao ag na Golden Globes. Pictiúr: Rodin Eckenroth/GA/The Hollywood Reporter trí Getty Images

Ach in ainneoin go raibh sí ceaptha Oscar a fháil as a ról sa scannán, is cosúil go bhfuil cosa na mná 36 bliain d’aois ar an talamh mar gheall ar a bheith ina máthair nua sa saol fíor.

Ag labhairt le linn ócáid ag BFI Southbank Dé Sathairn, dúirt sí: ‘Fiafraíonn daoine conas atáim ag déileáil leis seo ar fad. Is máthair nua mé, rugadh leanbh dom sé mhí ó shin, mar sin táim ag athrú clúidíní ag 3r.n. freisin.’

Bronnadh Jessie mar Aisteoir (Baineann) na Bliana ag Gradam Scannán Critics’ Circle Dé Domhnaigh tar éis di a bheith le feiceáil ar an gcairpéad dearg in Óstán May Fair.

Screenshot 2026 02 02 182951
Bronnadh Jessie mar Aisteoir (Baineann) na Bliana ag Gradam Scannán Critics’ Circle

Dúirt sí gur ‘eispéireas athraithe saoil’ a bhí ina feidhmíocht mar Agnes Hathaway i dtragóid Shakespeare Chloé Zhao.

Tar éis di gradam Golden Globe agus Critics’ Choice a bhuachan cheana féin, tá sí ag dul anois chuig searmanas Oscar na míosa seo chugainn i Los Angeles mar an rogha is fearr le gradam an t-Aisteoir ((Baineann) is Fearr i bPríomhról a bhuachan.

Ach d’admhaigh an réalta go bhfuil sí ‘fós faoi draíocht go bhfuilim timpeall ar ealaíontóirí a spreag mé’.

Nuair a fiafraíodh di an raibh óráid glactha Oscar ullmhaithe aici, dúirt sí nach raibh – agus d’iarr sí leideanna fiú.

Tá Hamnet, ina bhfuil Paul Mescal as Cill Dara sa phríomhról freisin, ainmnithe sna Oscars don Scannán is Fearr, mar aon le scannáin eile ar nós One Battle After Another agus an scannán uafáis Sinners.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram