Steve Coogan ag cánadh Reform UK agus na hionsaithe míleata SAM

Tá imní ar Coogan, réálta Saipan, go bhfuil roinnt ceannairí domhanda ag déanamh cibé rud is mian leo anois

Dúirt an t-aisteoir Alan Partridge, Steve Coogan, gur páirtí polaitiúil ‘frith-chearta an duine’ é Reform UK.

Dúirt an fear, atá 60 bliain d’aois, atá i ról bainisteoir peile Mick McCarthy sa scannán Saipan, go raibh imní air freisin go mbraitheann ceannairí an domhain go bhféadfaidís ‘cibé rud is mian leo a dhéanamh’ i gcoimhlintí domhanda.

Steve Coogan
Steve Coogan agus Éanna Hardwicke sa scannán Saipan. Pictiúr: Aidan Monaghan

Dúirt sé le hiris The Big Issue: ‘Táim an-bhuartha faoin gcoincheap maidir le cad is iompar inghlactha i dtéarmaí coimhlinte, faoin méid atá ag tarlú i nGaza agus na hionsaithe míleata seo ag na Stáit Aontaithe ar na báid agus daoine gan chosaint á marú agus iarracht á déanamh acu é sin a athmhúnlú ar bhealach éigin.

‘Mar sin tá imní orm faoi chreimeadh (erosion) chearta an duine agus faoi smaoineamh ar chearta an duine mar chineál bacainn agus faoin gcaoi gur páirtí frith-chearta an duine é Reform mar ceapann siad gur cineál maorlathais (bureaucracy) é.’

Mar aon lena cháineadh ar an bpáirtí faoi cheannas Nigel Farage, labhair Coogan freisin faoi Saipan, a eiseofar ar 23 Eanáir agus a insíonn scéal an achrainn idir iarchaptaen na hÉireann, Roy Keane, agus iarbhainisteoir McCarthy ag Corn Domhanda FIFA 2002.

Dúirt sé: ‘Go luath, bhí (insint an scannáin) 60-40 i bhfabhar Roy, agus theastaigh uaim go mbeadh sé níos cothroime.

‘Nuair a tharla sé sin, theastaigh uaim a bheith ar fhoireann Mick chun críocha an scannáin, agus ceapaim go bhfuil fiúntas ar an dá thaobh.

‘Tá bailíocht ag an dá thaobh. Bhí Mick ag iarraidh an taithí a bheith i gCorn Domhanda a a bheith fiúntach do na himreoirí agus do mhuintir na hÉireann.

Steve Coogan mar Alan Partridge
Steve Coogan mar Alan Partridge

‘Ba thaithí chultúrtha thábhachtach í.

‘Bhí an sean-chliché ag Mick, sé sin nach é an bua an rud tábhachtach, ach páirt a ghlacadh, ach bhí Roy Keane bréan den smaoineamh faoin “underdog”.

‘Theastaigh uaidh dul i ngleic leis sin, agus rinne sé é sin.’

tá aithne ar Coogan as a ról mar Partridge, a bhí le feiceáil den chéad uair ar an teilifís ar The Day Today i 1994, sular ghlac sé páirt i roinnt sraitheanna teilifíse lena n-áirítear, Knowing Me Knowing You With Alan Partridge, I’m Alan Partridge agus le déanaí How Are You? It’s Alan (Partridge).

Rinne an carachtar a chéad scannán in Alan Partridge: Alpha Papa, agus tá réalta déanta ag Coogan i scannáin ar nós 24-Hour Party People (2002), The Look Of Love (2013) agus Stan And Ollie (2018) chomh maith.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram