

Tá cáineadh déanta ag Kate Winslet ar mhúinteoir drámaíochta a náirigh í mar pháiste. Labhair réalta an Titanic, atá 50 bliain d’aois, faoin múinteoir a dúirt léi nach bhfaigheadh sí aon pháirteanna i scannáin ná i ndráma, seachas mar ‘na cailíní ramhar’.

Nocht Kate cé chomh dian is a bhí an bhulaíocht ar scoil, agus comhscoláirí éadmhara ag díriú uirthi mar gheall ar a meáchan.
Ach mhol sí gur chuir a ndiúltachas níos mó brú uirthi rath a bhaint amach mar aisteoir.
Dúirt Kate, buaiteoir Oscar, leis an láithreoir Lauren Laverne ar Desert Island Disks: ‘Ós rud é go raibh mé beagáinín téagartha nuair a thosaigh mé ag glacadh níos dáiríre leis, agus go bhfuair mé gníomhaire páiste (child agent), is cuimhin liom múinteoir drámaíochta (a cheapadh go mícheart gur fear a bhi i gceist – ach is bean a bhí ann i ndáiríre) , agus dúirt sí liom, “Bhuel, beidh gairm bheatha agat má tá tú sásta socrú le páirteanna na cailíní ramhar.”’
Anois ar cheann de na réaltaí scannán is mó i Hollywood, dúirt máthair triúr páiste leis an múinteoir: ‘Féach orm anois!’
Dúirt sí: ‘Ní raibh sin an-deas, an raibh?’ ‘Is uafásach na rudaí a deir daoine le páistí.’

Cháin Kate Winslet, a bhuaigh Gradam an Acadaimh as The Reader agus a fuair sé ainmniúchán Oscar eile, a comhscoláirí a chuir isteach uirthi freisin.
Chuimhnigh sí ar an gcaoi ar beagnach gur stop sí ag ithe mar gheall ar an mbulaíocht gan staonadh ar scoil.
Dúirt Kate, a bhuaigh cúig Ghradam Bafta freisin, go raibh sí ag dul ar aistí bia agus ag éirí as ó aois 15 go 19 agus ‘sa deireadh ní raibh mé ag ithe ach beagáinín’. Ní raibh sé sláintiúil in aon chor.
‘Is é an t-aon rud i mo shaol a bhfuil aiféala orm faoi… gan a bheith ag ithe i gceart, nó ag ithe agus scaoll a bheith ort faoi na rudaí a d’ith tú, nó ag dúiseacht ar maidin agus an chéad rud a smaoiním air ná, “A Dhia, an bhfuilim níos raimhre, an bhfuilim níos raimhre?” – lean sé sin ar aghaidh ar feadh i bhfad.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.