

Seo ceist mhaith do thráth na gceist i dteach tábhairne: Cad atá i bpáirt ag Jimmy Barry Murphy agus George Best?
Freagra: d’imir an bheirt acu sacar do Cork Celtic.

Féachann clár faisnéise nua ar TG4, a bheidh á chraoladh thar thréimhse na Nollag, siar ar an am a raibh ar George Best imeacht ó Manchester United agus na laethanta glóire a fhágáil ina dhiaidh.
Ní raibh aon duine eile le sárú ar domhan mar imreoir sacair. Ach cé gur laoch a bhí ann a raibh a chumais ar an bpáirc iontach, bhí tionchar mór ag a stíl mhaireachtála shaibhir air agus luí a shaol sóisialta gnóthach go trom air.
Bhí sé ar dhuine de na himreoirí ab fhearr ag Manchester United ar feadh 11 bhliain agus ní raibh a fhios ag éinne céard a bhí i ndán dó nuair a d’fhág sé an club sin.
Cothrom 50 bliain ó tharla an sárimreoir clúiteach a shíniú, insítear sa chlár faisnéise seo an scéal faoi George Best agus a thréimhse le Cork Celtic.
Bhí Cork Celtic i gcruachás sa bhliain 1975. Ní raibh mórán ag teacht ag faire ar na cluichí agus nuair is beag an t-airgead a bhí ag teacht isteach, ba mhór an baol go mbánófaí an club.
Is géar a theastaigh imreoir a tharraingeodh na sluaite agus a chuirfeadh leis an airgead a bhí á thógáil ag an ngeata.

D’fhág George Best Manchester United an bhliain roimhe sin tar éis guaim a chailleadh air féin go hiomlán leis an stíl mhaireachtála a bhí á chleachtadh aige.
Bhí an t-imreoir ab fhearr ar domhan ag imirt in aon áit a dtairgeofaí obair dó.
Bhí ‘íoctar agus imrítear’ de pholasaí aige agus dá n-íoctaí leis an táille a d’éiligh sé, bhíodh sé ag imirt agus geansaí an chlub á chaitheamh aige.
Chuir Cork Celtic Bobby Tambling, a raibh aithne aige ar George Best ó imirt ina choinne tráth a mbíodh sé féin le Chelsea, anonn go Sasana go bhfeicfeadh sé an mbeadh aon suim ag Bestie a theacht anall. Bhí.
Is scéal faoi leith i stair shacar Shraith na hÉireann ar tharla ina dhiaidh sin.

Cuirtear agallamh sa chlár ar chuid mhaith dá chomhimreoirí ar fhoireann Cork Celtic, leithéid Alfie McCarthy, Bryan McSweeney, Jerry Myers agus John ‘Blondie’ Carroll, agus ar dhaoine den lucht craoltóireachta agus lucht leanta ar nós John Creedon, Ger Canning agus Trevor Welch, agus ar dhaoine eile de leithéid Mhéabh De Búrca, imreoir le foireann Phoblacht na hÉireann, agus Jimmy Barry Murphy, imreoir clúiteach peile agus iománaíochta ach iar-imreoir sacair freisin le Cork Celtic, ionas go bhfaightear léargas ón taobh istigh ar scéal cheann de na tréimhsí is spéisiúla riamh i stair Shraith na hÉireann.
Feicfear freisin seanábhar scannánaíochta de George Best ag imirt do Cork Celtic le linn scéal an chláir seo.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.