Ger Brennan v Jim McGuinness: Tá cluichí agus dátaí Shraith agus Chraobhchomórtas CLG foilsithe

09/12/2025

Beidh dúshlán deacair ag Ger Brennan ina chéad chluiche i gceannas ar na Dubs nuair a thosaíonn an tSraith i mí Eanáir

Má cheap Ger Brennan go mbeadh tús éasca aige lena thréimhse i gceannas na Dubs, bhí sé mícheart.

Tagann Brennan i ndiaidh Jim Gavin agus Dessie Farrell – buaiteoirí Chraobh ha hÉireann araon – agus is i gcoinne Dhún na nGall faoin laoch Jim McGuinness a bheidh a chéad chluiche sa tSraith an bhliain seo chugainn.

Ger Brennan
Ger Brennan. Pictiúr: Ray McManus/Sportsfile

Ba laoch Baile Átha Cliath é Brennan mar imreoir agus bhí an-rath ar Brennan mar bhainisteoir ar Lú ach níl tástáil déanta air fós i gcoinne na gcontaetha móra, le foireann imreoirí réalta.

Ach seachas Ger Brennan, ar ndóigh, is buaiteoir Chraobh na hÉireann é McGuinness le Dún na nGall. Thug sé go dtí cluiche ceannais na hÉireann iad anuraidh ach bhuaigh Ciarraí, foireann Jack O’Connor, orthu.

Beidh obair le déanamh ag Brennan agus a fhoireann chun brú a choinneáil ar chách.

Beidh cluiche Roinn 1 den tSraith Náisiúnta Peile ar siúl i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn, 24 Eanáir ag 5pm, nuair a thosóidh an chéad bhabhta, agus an Mhí ag imirt i gcoinne Dhoire san ionad céanna ag 3pm.

Beidh cluichí ceannais na sraithe ar siúl ar an 28/29 Márta agus beidh cluichí ceannais iomána Roinn 2, 3, agus 4 sceidealaithe don deireadh seachtaine sin freisin.

Jack OConnor. Pictiur Brendan MoranSportsfile 1
Jack O’Connor. Pictiúr: Brendan Moran/Sportsfile

Mar sin féin, d’fhéadfadh níos mó teannas a bheith ag go leor de na cluichí sraithe ná mar a bhí súil ag na bainisteoirí i CLG leis mar gheall ar an bhfearg atá ag méadú i measc na mball faoin urraíocht leanúnach ó Allianz, a bhfuil naisc aige le hIosrael.

Tá baill fós ag fanacht le tuarascáil ón gcoiste eitice agus ionracais maidir le cibé an leanfar leis an gcaidreamh i ndiaidh an chinedhíothaithe agus an ghorta a thug fórsaí míleata Iosrael go Gaza le breis agus dhá bhliain, agus marú daoine neamhchiontacha ansin in ainneoin an tsosa cogaidh.

Dátaí tábhachtacha na peile

• Tosóidh craobhchomórtais na peile na gcúigí le linn deireadh seachtaine an 11/12 Aibreán;

• Beidh cluichí ceannais na peile Mhumhan agus Chonnacht ag deireadh seachtaine an 9/10 Bealtaine;

• Beidh cluichí ceannais na peile Laighean agus Uladh ag an deireadh seachtaine dár gcionn, 16/17 Bealtaine.

• Tá cluiche ceannais na na hÉireann sceidealaithe do Dhomhnach, 26 Iúil;

• Beidh cluiche ceannais Chorn Tailteann den dara sraith ar siúl Dé Sathairn, 11 Iúil.

San iománaíocht, tosaíonn an séasúr le cluiche mór an deireadh seachtaine céanna leis an bpeil, 24 Eanáir, rud nach dea-smaoineamh é.

Beidh Tiobraid Árann, curaidh iomána na hÉireann, ag imirt i gcoinne na Gaillimhe i nDurlas agus tosóidh an cluiche sin ag 7in. Imreoidh Corcaigh, a bhuaigh sa chluiche ceannais, i gcoinne Phort Láirge an lá dár gcionn, 25 Eanáir, i bPáirc Uí Chaoimh ag 3.45in.

Tiobraid Arann 1

Mar sin féin, ní raibh tús maith leis an mbainisteoir nua, Ben O’Connor, a tháinig i gcomharbas  ar Pat Ryan. Tuairiscíodh gur éirigh an cóitseálaí measúil Niall O’Halloran, as Béal Átha an Cheasaigh (Ballinhassig), as a phost.

Níor ceapadh é ach i mí Mheán Fómhair. Tá O’Connor ag pleanáil cheana féin gan príomhscórálaí na Sraithe agus na Craobhchomórtais san iománaíocht, Patrick Horgan, a dúirt go mbeadh sé fós ag imirt do Chorcaigh dá mbeadh Ryan i gceannas agus gur theastaigh uaidh go leanfadh sé ar aghaidh.

Seo a leanas dátaí tábhachtacha eile don iománaíocht

• Beidh cluichí ceannais Roinn 2, 3, agus 4 den tSraith Náisiúnta Iománaíochta ar siúl ar an deireadh seachtaine 28/29 Márta;

• Beidh cluichí ceannais Roinn 1A agus 1B ar siúl ar an deireadh seachtaine 4/5 Aibreán;

• Tosóidh craobhchomórtais iomána cúige Mumhan agus Laighean ar an 18/19 Aibreán agus beidh buaiteoirí na bliana seo caite, Tiobraid Árann, ag tabhairt aghaidh ar Chorcaigh, a bhuaigh siad orthu i gcluiche ceannais na bliana seo tar éis dara leath iontach;

• Imreoidh Clár i gcoinne Phort Láirge an deireadh seachtaine céanna, 18/19 Aibreán;

• I mbabhta 1 de Chraobhchomórtais Shinsearacha Iománaíochta Laighean, beidh Gaillimh in aghaidh Cill Chainnigh, Cill Dara in aghaidh Loch Garman, agus Uíbh Fhailí in aghaidh Baile Átha Cliath.

• Beidh cluiche ceannais Laighean ar siúl Dé Sathairn, 6 Meitheamh;

• Beidh cluiche ceannais Mumhan ar siúl Dé Domhnaigh, 7 Meitheamh;

• Beidh cluiche ceannais iomána na hÉireann ar siúl ar 19 Iúil.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram