

Ag aois 23, tá Troy Parrott tar éis gairm rathúil a thógáil dó féin sa saol spóirt. Is laoch é anois ina thír féin agus tá a ainm i gceannlínte ar shuíomhanna gréasáin nuachta agus i nuachtáin ar fud an domhain.
Ach ag an nóiméad sin, nuair a bhí sé ina laoch ar fud an domhain – tar éis trí chúl a fháil in aghaidh na hUngáire, a thug deis d’Éirinn a bheith sa Chorn Domhanda ar an Domhnach – bhí a chuid smaointe ar a mháthair agus ar a theaghlach.

‘Tá mo Mham an duine is tábhachtach domsa, agus mo theaghlach chomh maith,’ a dúirt Troy.
Tá grá agus tacaíocht a mhuintir agus a chailín, Lauren Bowry, an-tabhachtach do.
Is é Troy an páiste lárnach de chúigear agus d’fhás sé aníos ar Shráid Buckingham i mBaile Átha Cliath. Dúirt a mháthair Jennifer go raibh sé ‘iontach mar pháiste’.

‘Bhí sé ciúin i gcónaí. Bhí grá aige don pheil i gcónaí. Tá an ceantar as a thángamar faoi mhíbhuntáiste sa lárchathair. Choinnigh an pheil é dírithe agus choinnigh sé é ó thrioblóid,’ a dúirt sí.
‘Is e seo a bhrionglóid. Ní bhfuair sé an deis i ndáiríre tús a chur le mórán cluichí ar son na hÉireann. Bhí sé ag fanacht lena dheis, agus tá sé faighte aige anois.’
Labhair Jennifer le hOliver Callan ar Raidió RTÉ 1 ar an Aoine, tar éis an chluiche in aghaidh na Portaingéile ach roimh an chluiche in aghaidh na hUngáire.

Ag an am bhí daoine ag rá: ‘Is dócha gurbh é seo an oíche ba mhó’ dá shaol, mar gheall gur scóráil sé dhá chúl d’Éirinn in aghaidh na Portaingéile.
Mar sin féin, lean a rath ar an Domhnach nuair a scóráil sé tréchleas (hat trick) d’Éirinn chun an bua a chinntiú ar an Ungáir, ag coinneáil ár mbrionglóidí Corn an Domhain 2026 beo.
Dúirt a mháthair go raibh a ‘croí i mbéal a bhéil’ le linn an chluiche in aghaidh na Portaingéile.

Dúirt sí: ‘Bhí mé ag guí agus ag guí gan stad. Ar dtús, nach ndéanfaí gortú dó, sin a ghuím i gcónaí. Ach ansin bhí sé dochreidte. Bhí mé ag léim le háthas.’
Tar éis dó an dara cúl a scóráil ag an clhuiche sin, dúirt Jennifer: ‘Cheap mé go raibh mé i mbrionglóid. Bhí sé go hiontach.
‘Bhíomar go léir ann, a dheartháireacha agus a dheirfiúracha. Bhíomar lán d’áthas, ag caoineadh agus ag léim thart. Bhí sé iontach. Agus an slua, an lucht leanúna, bhí siad iontach.’

Dúirt sí: ‘Chonaic mé é ina dhiaidh sin agus bhí sé ciúin beagáinín. Sílim go raibh sé ag glacadh leis an méid a tharla.
‘Nuair a chonaic mé é sa limistéar imreoirí thug mé barróg mhór dó agus dúirt mé leis go bhfuil mé bródúil as.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.