Nollaig i mbochtaineacht: ‘Méadú gan fasach’ i líon na dteaghlach atá ag lorg cabhair

17/11/2025

Le géarchéim costais mhaireachtála beidh go leor teaghlach ag lorg ár gcabhrach an Nollaig seo

Tá tuairisc tugtha faoi ‘méadú gan fasach’ i líon na dteaghlach atá ag lorg cabhair le bia an Nollaig seo.

Tá carthanacht ag rabhadh go bhfuil líon na dteaghlach a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu i mbliana dúbailte.

an Nollaig
Tá NW Cornerstone faoi bhrú ag iarraidh dótháin bia a fháil roimh an Nollaig. Pictiúr: Getty Images

Tá NW Cornerstone, carthanacht neamhspleách i Sligeach, tar éis iarratas práinneach a dhéanamh ar bhia, ar tháirgí sláinteachais, ar earraí neamh-solofa (non-perishable) agus ar bhronntanais.

Deir an eagraíocht go mbeidh ‘méadú gan fasach’ i líon na dteaghlach Éireannach ag lorg cabhair an Nollaig seo, agus iarrann sí ar dhaoine bia a bhronnadh mar thosaíocht.

Tá NW Cornerstone ag seoladh a hiarratas bliantúil Nollag, ag iarraidh ar an bpobal tacú le teaghlaigh atá ag streachailt gan bhunriachtanas don saol laethúil.

Dúirt an grúpa gur chabhraigh sé le breis is 570 teaghlach i Sligeach anuraidh, ina measc 167 teaghlach ag am Nollag, agus gur fuair breis is 200 páiste ciseáin bia, dearbháin agus bréagáin.

an Nollaig 3 Pictiur Shutterstock
Pictiúr: Shutterstock

Creideann an charthanacht go bhfuil an treocht seo le feiceáil ar fud na tíre, agus meastar go bhfuil thart ar 480,000 duine ag maireachtáil i mbochtanas bia in Éirinn.

Dúirt Christina McTaggart, ceannaire Cornerstone: ‘Táimid tar éis líon na ndaoine ag lorg cabhrach le bia a fheiceáil beagnach dúbailte i 2025, rud atá gan fasach.

‘Le géarchéim costais mhaireachtála, atá á tiomáint go mór ag praghsanna arda bia, tá a fhios againn go mbeidh an gá ag fás tuilleadh roimh dheireadh na bliana seo.’

Dúirt sí: ‘Ní bhíonn sé le feiceáil i gcónaí, ach anseo i Sligeach tá teaghlaigh ann nach bhfuil a fhios acu cá as a dtiocfaidh an chéad bhéile eile.’

‘Ní fhaigheann siad riamh an deis fiafraí, “Cad ba mhaith leat don dinnéar?” mar níl aon rogha acu ar chor ar bith,’ a dúirt sí.

Dúirt sí: ‘Bíonn an Nollaig i gcónaí ina thréimhse struis do theaghlaigh, am ina n‑éiríonn an imní níos measa faoi conas a éireoidh leo.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram