Carrie Crowley: Ainmní IFTA 2026 in agallamh le hAoife Ní Bhraoin

In Hollywood bíonn tú cóngarach le daoine ar nós Jamie Lee Curtis agus ag caint le Colin Farrell, a deir Carrie Crowley in agallamh le hAoife Ní Bhraoin

Tá Carrie Crowley tar éis dul chun cinn mór a dhéanamh ón am a chur sí an Eoraifís i láthair le Ronan Keating. Bhain sí clú agus cáil amach ar fud an domhain i ndiaidh rath An Cailín Ciúin agus tá sí ar ais sna ceannlínte arís le rath The Walsh Sisters.

Ach anois, tá sí agus a comhréaltaí, Bríd Brennan agus Seán T. O’Meallaigh, ainmnithe i measc na haisteoirí is fearr ar ár n-oileán ag na hIFTAs as a léiriú iontacha sa scannán Aontas, scéinséir a phléann le conas is féidir le tráma teaghlaigh amháin pobal a scrios.

Bhí grá ag Carrie i gcónaí do scannáin Gaeilge. Bhí sí ina réalta roimhe seo sa ghearrscannán Gaeilge, An Gaeilgeoir Nocht, agus in eipeasóid den tsraith teilifíse, An Crisis.

Bhí díomá orm nuair a chríochnaigh The Walsh Sisters ar RTÉ a hAon. Ach ná bí buartha, tá a lán sa phíblíne ag Carrie.

Bhuail mé léi ag taispeántas Aontas, le TG4 agus labhraíomar faoin scannán sin, faoina seó nua, Buildings Beo, The Walsh Sisters, agus an t-am a bhí aici ag na hOscars leis An Cailín Ciúin.

‘Bhí Aontas iontach suimiúil. Ní raibh mórán am againn air, agus bhíomar i nGleann Arma, Contae Aontroma, áit álainn,’ a dúirt Carrie.

‘Bhí sé fliuch den chuid is mó. Bhíomar an-ghnóthach, ach nílim ag gearrán faoi sin. Bhí sé suimiúil agus dúshlánach mar gheall ar an scéal, agus an chaoi ina bhfuil sé scríofa.

Carrie Crowley le hAoife Ní Bhraoin
Carrie Crowley le hAoife Ní Bhraoin

‘Níor deineadh é ar an ngnáthbhealach. Tá tú ag tosú in áit amháin agus ansin ag dul ar ais b’fhéidir míosa, nó bliain roimhe sin. Thaitin sé go mór liom. Agus bhí an dream a bhí ag obair air iontach deas. Bhí an-time againn.’

‘Léigh mé an script, agus dúirt mé “Yeah! Yeah, le do thoil!” Ansin, tháinig mé chuig deireadh an script, agus tharla rud nár shíl mé go raibh ag teacht. Bhí mé iomlán tógtha leis mar smaoineamh. Tá sé chomh cliste. Agus níl a fhios agat agus an lucht féachana ceard go díreach atá ag tarlú.

‘Caithfidh tú obair a dhéanamh, mar lucht féachana, sin an rud. Agus is aoibhinn liom sin go bhfuil oraibhse breathnú air agus rud beag “dissecting” a dhéanamh air – céard a tharla, cén fáth gur tharla sin, céard atá fós le teacht?

Bhain Carrie Crowley sult as obair sa Tuaisceart.

‘Bhí sé deas. D’oibrigh mé anseo céanna. Bhí mé ag obair ar Hope Street. Bhain mé an-sult as sin,’ a dúirt sí.

‘Bhíomar cois fharraige i nDomhnach Daoi (Donaghadee, Contae An Dúin). Bhí mé in ann snámh chuile lá. Tá sé suimiúil aithne a chur ar dhaoine anseo, agus ar chriúnna anseo. Ba bhreá liom níos mó a dhéanamh sa Tuaisceart.’

In An Cailín Ciúin
In An Cailín Ciúin

Is as Cathair Port Láirge í Carrie Crowley. Ach, d’fhoghlaim sí a chuid Gaeilge i gConamara. Labraíomar faoina sraith teilifíse is déanaí ar TG4 – Buildings Beo. Bhí áthas uirthi labhairt faoin taithí a bhí aici ar an gclár, agus filleadh ar Phort Láirge.

‘Chuamar thar timpeall na tíre ag breathnú ar tithe agus foirgnimh tréithe, agus iad ag titim as a chéile. Agus ansin, bhí turas ann agus iad á rátáil arís, agus á atógáil.

‘Ceann dóibh siúd, bhí sé i mBruachaill (Mountcongreve) i bPort Láirge. Bhí sé go deas a bheith thíos ann, agus bhí aithne agam ar roinnt den slua a bhí ag obair ann. Bhí sé sin speisialta.

‘Bím ann ó am go ham. Bhí mé ann anuraidh ag déanamh dráma amharclainne. Thaitin sé liom. B’fhéidir go mbeidh scannán le déanamh ann am éigin.’

Ach, ní féidir linn labhairt faoi Ghaeilge Port Láirge gan An Cailín Ciúin a lua. Scannán beag bídeach a raibh tionchar ollmhór aige ar phictiúrlanna ar fud an domhain, nuair a ainmníodh é d’Oscar in 2023.

 ‘Bhí An Cailín Ciúin speisialta. Bhí rud faoi ag an am fiú agus muid á dhéanamh. Ach, ní féidir a bheith cinnte go dtí go bhfeiceann tú é ar oibrigh sé nó nár oibrigh sé.

‘Scannán beag bídeach a bhí ann. Bhí foireann mhaith ann, agus ba é Colm (Bairéad) a scríobh é, a striúir é. Tá an-mheas agam air mar dhuine agus scannánóir.’

Ní rabhadar imníoch ag smaoineamh faoin tacaíocht ón mbaile agus iad i Hollywood. Ní raibh an seans acu.

‘Bhí obair i gceist. Bhíomar gnóthach an t-am ar fad. I gcaoi éigin, tá tú ag díol an scannán. Ach thaitin sé go mór liom.

‘Bhí Hollywood go deas. Thaitin sé liom. Bhuaileamar le daoine deasa. Tá tú chomh cóngarach le daoine ar nós Jamie Lee Curtis, agus bhíomar ag caint le Colin Farrell agus a mhac. Bhí siad chomh deas.’

Labhair sí freisin faoi na srianta agus na coinbhinsiúin éagsúla a bhaineann le bheith ag na Oscars –  cuid acu aisteach go leor.

‘Is féidir do rogha rud a dhéanamh i gcaoi éigin ach ní féidir aon suíochán a fhágaint folamh san amharclann,’ a dúirt sí.

‘Más rud é go bhfuil ort dul chuig an leithreas, seasann tusa, agus suíonn duine eile ar do chathair. Tá siad thar timpeall agus iad gléasta cosúil le réalta Hollywood. An post atá acu ná na suíochán a líne an t-am ar fad.’

Taitníonn The Walsh Sisters léi freisin. D’inis Carrie dom faoin am a bhí aici ag déanamh páirt  ‘Mammy Walsh’, agus an caidreamh atá aici leis na ‘Walsh Sisters’.

‘Poor aul Mamaí. Sin cad a deirim i gcónaí,’ a deir sí.

‘Níl aon chraic aici. Bíonn sí i gcónaí buartha faoi rud éigin, agus ag breathnú thart agus ag rá, “Cén fáth nach bhfuil sé déanta aici nó cén fáth nach bhfuil seo i gceart?” Sin an chaoi a n-oibríonn Mamaí. Ach, casaim le daoine a deir “Ó mo Dhia, tá tú díreach cosúil le mo mháthair.” Fír is mó a deir sin.

‘Níl aon chraic ag Mamaí Walsh. Bíonn sí i gcónaí buartha faoi rud éigin'
‘Níl aon chraic ag Mamaí Walsh. Bíonn sí i gcónaí buartha faoi rud éigin’

‘Is breá liom Louisa (Harland). Is aoibhinn liom í. Is breá liom iad uilig, ach le Louisa… bhí sé soiléir dúinn beirt go bhfuil muid an-chosúil lena chéile. Nuair a chríochnaíomar, thug sí péire briste a thaitin liom dom – tirimghlanta!

‘Chomh maith le sin, bhíomar le chéile nuair a tháinig Lá na Máithreacha. Níl páistí agamsa, ach thug an cúigear acu bronntanas dom. Sin mo chlann. Is iadsan m’iníonacha. Tá muid ag súil go mbeidh Sraith 2 ann.’

Beidh na IFTAs ar siúl ar an 20 Feabhra san Ionad Comhdhála Ríoga Bhaile Átha Cliath.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram