Oireachtas i mBéal Feirste: An chúis go bhfuil sé an-tábhachtach domsa mar bhean Luimnigh

Iriseoir ExtraG, Aoife Ní Bhraoin, ag scríobh faoina taithí féin ar Oireachtas na Samhna 2025, agus faoin lúcháir a bhain le bualadh leis an Uachtarán Tofa.

Oireachtas na Samhna 2025: Tá Béal Feirste ag athrú ina chathair do Ghaeilgeoirí le blianta fada anuas. Tá láithreacht dochloíte ag na Gaeil ann; tá méadú 227% ar an méid rollaí cúrsaí Gaeilge in Ollscoil na Banríona i mbliana.

Agus, ar ndóigh, ní féidir linn caint faoin Ghaeilge i mBéal Feirste gan Kneecap a lua agus an tionchar atá acu.

Oireachtas na Samhna 2025
Oireachtas na Samhna 2025

Bhí sé nádúrtha, mar sin, Béal Feirste a roghnú mar chathair ósta Oireachtas na Samhna 2025. Agus ar son Dé, rinneadar jab iontach!

Tháinig tuairim is 10,000 cuairteoir go Béal Feirste ó gach cearn den tír, agus fiú thar lear le bheith tumtha inár gcultúr Gaelach. Shroicheas Béal Feirste ar an Déardaoin seo caite, agus chuir an drochaimsir fáilte romham láithreach.

Ach ní raibh mé chun ligean de sin an lá a mhilleadh. Chuas go dtí Aonach an Oireachtais, a bhí lonnaithe san ICC, le 75 seastán ann.

Bhí BBC Gaeilge ann, TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Tuairisc, Vicipéid, an Timire mar shampla. Bhíodar go léir ann  chun a seirbhísí Gaeilge a chuir chun cinn.

Bhíos tógtha freisin leis an iarracht a rinne Béal Feirste chun sinn a chur ar ár gcompord. Thug mé cuairt ar an gcathair bríomhar seo i Mí Aibreán. Ba sin mo chéad uair sa Cheathrú Gaeltachta. Bhraith mé an-chompordach ansin. Ní raibh sé tábhachtach go raibh mo theach sé huaire an chloig ó dheas i gCathair Luimnigh.

Tá gliondar orm a rá go raibh an mothú céanna agam agus mé ag obair ag an Oireachtas an tseachtain seo caite. Is breá liomsa a bheith i mo Ghael. Sin ceann de na rudaí is tábhachtaí i mo shaol domsa.

Ach bíonn sé uaigneach uaireanta. Ní chónaím sa Ghaeltacht. Ní féidir liom cur síos a dhéanamh ar cé chomh tábhachtach is a bhí sé am a chaitheamh leis na Gaeil i mBéal Feirste.

Ar ndóigh, tuigim go bhfuil caidreamh casta ag Stormont leis an Ghaeilge. Sin an fáth go raibh sé go hiontach go raibh ár nUachtarán Tofa, Catherine Connolly ann, chun an Ghaeilge a cheiliúradh –    teachtaireacht láidir ar a sheasamh bhí ann.

Thaisteal Catherine Connolly agus a fear céile, Brian McEnery, timpeall Béal Feirste ar feadh cúpla lá. Bhí muintir na nGael an-sásta bualadh leo.  Dúirt go leor daoine liom go bhfreastalaíonn Catherine ar an Oireachtas gach bliain.

Tar éis toghchán casta, bhíomar buíoch as a toilteanas am a thabhairt dúinn chun labhairt léi. Agus fuair mé mo sheans bualadh léi an Satharn seo caite.

Seo mar a tharla sé. Tá Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach suite i gcroílár Iarthar Bhéal Fheirste. Thug mé cuairt ar an bhfoirgneamh cáiliúil i Mí Aibreán, agus bhíos ar bís ag teacht ar ais.

Bhíos ag ithe mo lón ann, díreach tar éis leabhar a fháil ón gCeathrú Phoiblí, agus ansin, chonaiceas Brian McEnery ag siúl isteach. Lean Catherine Connolly é gan moill. D’fhágas mo lón agus bhíos ‘starstruck’ nuair a bhí sé in am bualadh léi.

Chroith sí mo lámh, agus d’fhiafraigh sí díom m’ainm. Chuir sé iontas orm cé mhéad a theastaigh uaithi éisteacht liom. D’fhéach sí orm sa tsúil, agus ghlac sí gach rud a dúirt mé. Bhí sé sin go hálainn.

Bhíos an-sásta a roinnt léi go rabhas bródúil mo vóta a chaitheamh ar a son i gCathair Luimnigh. Dúirt mé léi freisin go raibh sé ar fheabhas éisteacht léi ag labhairt Gaeilge i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

‘Tá a fhios agam go mbeidh tú go hiontach’, a roinneas léi mar fhocal scóir.

Ina dhiaidh sin, labhair mé le cairde a raibh aithne acu uirthi blianta roimhe sin. Agus cuimhníonn sí a n-ainmneacha fós!

Ní gá a rá, bhí Oireachtas na Samhna 2025 an-eachtrúil! Agus an-spraiúil!


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram