

Dé Sathairn tosaíonn mí na Samhna agus leis sin feachtas bliantúil Movember chun feasacht a mhúscailt ar shaincheisteanna sláinte na bhfear.
Agus léiríonn tuarascáil nua go bhfuil feasacht ar shláinte na bhfear níos tábhachtaí ná riamh in Éirinn.

Dé réir tuarascáil le déanaí tá fir in Éirinn ag fáil bháis go luath de bharr cúiseanna atá den chuid is mó inbhainte, rud a bhfuil iarmhairtí móra sóisialta agus eacnamaíochta ag baint leis.
Léiríonn an tuarascáil The Real Face of Men’s Health go bhfuil 40% de bhásanna fear roimh am, agus go bhfuil fir 40% níos dóchúla ná mná bás a fháil go luath ó gach ceann de na cúig phríomhchúis: galar croí corónach, stróc, galar scamhógach ainsealach, ailse scamhóg agus féinmharú.
Tá fir sna ceantair is boichte 150% níos dóchúla bás a fháil roimh aois 75 ná fir sna ceantair is saibhre. Bhí costas eacnamaíochta na mbásanna roimh am os cionn €1 billiún i 2023, agus measadh go raibh €716 milliún de sin inbhainte.
Tá an tuarascáil, a d’fhoilsigh Men’s Health Forum in Ireland agus National Centre for Men’s Health in Ollscoil Theicneolaíochta an Oirdheiscirt (South East Technological University, SETU), ag éileamh gníomh práinneach tras-rialtais chun cur i bhfeidhm a dhéanamh ar an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Shláinte na bhFear.
Tugann sí le fios go bhfuil constaicí ann maidir le rochtain ar chúram sláinte, lena n-áirítear drogall na bhfear cúrsaí íogaire a phlé agus srianta ama ar dhochtúirí teaghlaigh.

Ní raibh ach 29% de na dochtúirí teaghlaigh muiníneach go raibh tuiscint láidir acu ar shláinte na bhfear.
Luaigh siad náire faoi mheabhairshláinte, noirm sóisialta maidir le féinmhuinín, agus eagla roimh iarmhairtí gairme mar phríomhchúiseanna nach lorgaíonn fir cabhair.
Tá meabhairshláinte fós ina ábhar mór imní. Is iad fir a dhéanann suas 79% de na féinmharuithe, agus dúirt 97% de na dochtúirí teaghlaigh go bhfaca siad fir le smaointe nó iompar féinmharaithe le bliain anuas.
Ar an meán, chonaic gach dochtúir 15 cás den sórt sin in aghaidh na bliana, den chuid is mó i measc fir idir 18 agus 54 bliain d’aois.
Léiríonn an tuarascáil freisin an tionchar níos leithne atá ag drochshláinte na bhfear ar theaghlaigh agus ar phobail.
I measc na gcúramóirí — formhór acu mná — dúirt 60% go raibh meath ar a meabhairshláinte féin, dúirt 68% go raibh a leibhéal fuinnimh laghdaithe, agus dúirt 65% go raibh imní agus buairt orthu go minic.
Dúirt ochtar as gach deichniúr cúramóir go raibh drochthionchar ag na dúshláin seo ar chaighdeán an chúraim a bhí siad in ann a thabhairt.
Measann taighde nua ó HealthLumen go bhféadfaí €716 milliún a shábháil don Stát in 2023 amháin dá gcuirfí deireadh leis na cúig phríomhchúis bháis roimh am i measc na bhfear.
Molann an tuarascáil infheistíocht tosaigh de €10 milliún sa Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Shláinte na bhFear 2024–2028, mar aon le hanailís iomlán ar chostais agus forbairt ráiteas beartais tras-rialtais maidir le sláinte na bhfear.
Tá imní phoiblí ard, le 75% de dhaoine fásta in Éirinn ag léiriú buairt faoi shláinte na bhfear — go háirithe maidir le féinmharú (75%), uaigneas (70%), agus dúshláin meabhairshláinte (62%).
Creideann breis is 60% go bhfuil deacracht ag fir óga cuspóir a aimsiú sa tsochaí, agus deir 61% d’aithreacha nach mbraitheann siad go bhfuil tacaíocht acu ina ról.
Dúirt Sarah Ouellette, Bainisteoir Tíre Movember: ‘Tá fir Éireannacha ag fáil bháis ró-óg de bharr cúiseanna inbhainte, agus tá an iomarca acu ag maireachtáil le drochshláinte.
‘Tá imní ag fás faoi fhir óga, agus creideann breis is leath de dhaoine fásta in Éirinn go bhfuil siad ag éirí níos scoite ón tsochaí.’
Dúirt sí freisin: ‘Baineann sláinte na bhfear le cách — teaghlaigh, cúramóirí, agus pobail. Le hidirghabháil níos luaithe agus cúram sláinte atá freagrúil ó thaobh inscne de, is féidir linn fíordhifríocht a dhéanamh.
‘Táimid ag iarraidh ar an Rialtas gealltanas a thabhairt don Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Shláinte na bhFear agus €10 milliún a infheistiú chun dul chun cinn a dhéanamh.’
Dúirt an príomhúdar Dr Noel Richardson, Stiúrthóir ar an National Centre for Men’s Health in SETU, go bhfuil impleachtaí leathan ag na torthaí seo do chúram sláinte in Éirinn.

‘Tugann an tuarascáil seo léargas láidir go dtéann feabhas ar shláinte na bhfear chun leasa ní hamháin na fir féin, ach na mná, na bpáistí, agus na bpobal.
‘Is féidir léi a bheith ina spreagadh do mhalairt dhearcadh dearfach trí spreagadh a thabhairt d’fhir aire a thabhairt don tsócmhainn is luachmhaire atá acu — an tsláinte.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.