

Bíonn an saol ródheacair uaireanta. Faighimid an nuacht is measa gach lá ar an teilifís, ar líne, agus fiú ar na nuachtáin.
Bíonn sé deacair éalú astu. Fiú mar iriseoir, bíonn an nuacht róthrom domsa. Bím ag iarraidh féachaint ar nuacht atá gearr agus éasca le tuiscint.
Mar sin, is breá liomsa a bheith ag féachaint ar Nuacht Cúla 4. Ba phribhléid é lá a chaitheamh ar an seit leis an bhfoireann úrnua i mBaile na hAbhann, Contae na Gaillimhe.

Tháinig Cúla 4 ar an saol blianta ó shin. Bhí sé ar siúl gach maidin ar TG4. Ach chinntigh TG4 caineál eisiach a thabhairt dó.
Nuair a bhí foireann Cúla 4 i mbun cainte ar an stáisiúin, chreideadar go raibh sé tábhachtach ardán nuachta trí Ghaelainn a thabhairt do dhaoine óga.
Agus nuair a sheoladh an chaineál dhá bhliain ó shin, tháinig Nuacht Cúla 4 leis.

Is seirbhís bríomhar é Nuacht Cúla 4 atá díograiseach ina aidhm nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta do phaistí i gcaoi atá oiriúnach dóibh. Roineann na tuairisceoirí nua an fuadar sin.
‘Tá teilifís na Gaolainne an-thábhachtach do phaistí mar sé sin an t-am is mó go mbeadís ag súil isteach eolas, ag súil isteach na Gaolainne gan dabht,’ a dúirt tuairisceoir nua Róisín Ní Chéileachair, a bhí le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar Nuacht Reachtaire agus láithreoir Togha agus Rogha ar feadh cúpla bliain.
‘Ní fheachas ar aon rud Béarla go dtí go rabhas go maith sa bhunscoil, b’fhéidir hocht mbliana d’aois,’ a dúirt sí.

Tá Kathryn Ní Mhaoláin lonnaithe i mBéal Feirste le cúpla bliain anuas. Ach tá sí ina ‘Derry Girl’ bródúil.
Bhíos ag súil go mór le labhairt léi faoina bpost nua toisc gur chonaíomar le chéile ar feadh coicíse le linn an tsamhraidh.
Bhíomar agus Conor Ó Domhnaill ar chúrsa iriseoireachta á reachtáil ag TG4.

‘Bímse ag obair mar thurascóir i gCúige Uladh. Ciallaíonn sé sin go dtéimse amach agus cludaím na scéalta ar fad a bhaineann le daoine óga trí mheáin na Gaeilge i gCúige Uladh,’ a dúirt sí.
‘Uaireanta, bím ag dul isteach i scoileanna, agus ag labhairt leis na daoine óga faoi scéalta atá ag tarlú ar fud fad an domhain.’
D’fhreatail Kathryn ar chúrsa láithreoireachta Cúla 4 i mbliana fosta. Tá sí sásta leis an taithí a bhfuair sí.
‘D’fhoglaim mé an méid sin in san trí sheachtain sin thar an dá chúrsa. Tá mé fíorbhuíoch as an deis sin a fháil, agus cinnte go raibh an dá chúrsa sin saor in aisce.’
Tá sé go hiontach go bhfuil TG4 agus Cúla 4 ag iarraidh daoine nua a thraenáil.
‘Bhí an chúrsa iriseoireachta an-chabhrach. Fuair mé go leor eolas ó aoi cainteoirí istigh linn. Braithim go raibh sé an-úsáideach chun mo chuid oibre féin a chur i bhfeidhm,’ a dúirt sí.

Bhog Conor ó Tuaim go Baile an Fheirtéaraigh i nGaeltacht Ciarraí don post, agus tá sé an-shásta ann.
‘Is áit nua é. Agus is breá liom é. Tá sé an-dhifiriúil ó Contae na Gaillimhe, ach tá na radharcanna go hálainn thíos ann,’ a dúirt Conor.
‘Is aoibhinn liom a bheith ag bualadh le daoine chuile lá, agus ag dul isteach go scoileanna agus imeachtaí a bhíonn a siúl.
‘Bíonn sé chomh deas bualadh le daoine, agus a gcuid scéalta a chloisteáil. Agus bím in áit dhifriúil chuile lá’.
B’in an rud a dúirt Áine Humphreys liom, Luimníoch bródúil, a bhí díreach tar éis scoláireacht Fullbright a chríochnú i Montana sna Stáit Aontaithe nuair a bhog sí thar n-ais go hÉireann.

Mar Luimníoch mé féin, tá mé in ann muintir Luimní a aimsiú aon áit. Agus táim sásta le roinnt gur d’aimsigh mé ceann eile i Katelyn Hayes.
Thosnaigh Katelyn amach le Nuacht Cúla 4 mar tuairisceoir i Meán Fomhair 2024. Léirigh sí na scéalta is tábhachtaí ó Bhaile Átha Cliath.
Tá Katelyn lonnaithe i nGaillimh anois ag obair mar eagarthóir Nuachta in éineacht le Rhiann Flemming.

Fuair Katelyn agus Rhiann ainmniúchán don Reált Óg na Bliana ag na Gradam Cumarsáide 2025. Ní raibh Rhiann linn ar an lá, ach labhair Katelyn liom faoin ónóir.
‘Táim an-bhródúil gur ainmníodh mé ar an ngearrliosta i mbliana. Ní raibh mé riamh ainmnithe do ghradam don Oireachtas roimhe seo,’ a dúirt sí.
‘Tá mé ag súil go mór le bheith ann le ceiliúradh a dhéanamh ar méid atá bainte amach ag na réaltaí óga ar fad’.
‘Bhí Rhiann Flemming agus Joe Mac Aoidh (iar thuairisceoir Nuacht Cúla 4) ainmnithe i mbliana chomh maith. Tá gach duine anseo ar fhoireann Nuacht Cúla 4 sona sásta as an méid atá bainte amach againn.’

Bhí an fhoireann ar fad chomh fáilteach, níl iontas orm gur fuair an fhoireann ar fad ainmniúchán don Gradam Cumarsáide fosta. Tá siad ainmnithe sa chatagóir Scannán/Clár/Sraith Teilifíse na Bliana do Dhaoine Óga.
Nochtfar na buaiteoirí i Halla na Cathrach, Béal Feirste ar an 29 Deireadh Fómhair, an chead lá don hOireachtas na Samhna 2025. Craolfar an searmanas beo ar TG4 óna hocht a chlog.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.