Gradam mór le rá Condé Nast buaite ag óstán i gCiarraí

Bhí níos mó ná leathmhilliún duine páirteach sa suirbhé agus fuair an óstán seo i gCiarraí an gradam le scór dochreidte de 97.75 as 100

Má tá tú ag súil le scíth a ligean ag an ionad saoire is fearr san Eoraip le gradam mór, níl gá le heitilt go dtí oileán Gréagach ná dul ar thuras só – is féidir leat dul i do charr agus tiomáint go Ciarraí!

Tá óstán i gCiarraí tar éis an duais is mó a bhaint amach i nGradam Rogha na Léitheoirí Condé Nast Traveler (SAM) 2025, a fógraíodh Dé Máirt seo caite.

Sheen Falls Lodge i Neidín, Co. Chiarraí, a tháinig amach ar bharr, in ainneoin iomaíocht ghéar ó áiteanna eile ar mhór-roinn na hEorpa.

Bhuaigh Sheen Falls Lodge Gradam Rogha na Léitheoirí Condé Nast Traveler (SAM) 2025
Bhuaigh Sheen Falls Lodge Gradam Rogha na Léitheoirí Condé Nast Traveler (SAM) 2025. Pictiúr: Sheen Falls Lodge

Bhí níos mó ná leathmhilliún duine páirteach sa suirbhé bliantúil, agus fuair Sheen Falls Lodge scór dochreidte de 97.75 as 100.

‘Is mór an onóir dúinn a rá gur roghnaíodh Sheen Falls Lodge mar an t-ionad saoire is fearr san Eoraip i nGradam Rogha na Léitheoirí Condé Nast Traveler 2025,’ a dúirt an t-óstán i ráiteas ar na meáin shóisialta.

Moladh don fhoireann

Dúirt Brian Loughnane, Bainisteoir Ginearálta an óstáin: ‘Is léiriú é an gradam seo ar dhíograis, dúthracht agus paisean na foirne ar fad, a chuireann seirbhís den scoth ar fáil i gcónaí.

‘Tá sé mar aidhm againn eispéiris a chruthú a léiríonn an fáilteachas Éireannach is fearr, agus is mór an onóir dúinn go bhfuil sé sin aitheanta ar ardán domhanda.

Do na haíonna agus cairde atá dílis dúinn – is libhse an t-éacht seo chomh maith. Buíochas ó chroí as bheith mar chuid dár scéal.’

Na hóstáin is fearr in Éirinn

Idir an dá linn, d’fhoilsigh leagan na Ríochta Aontaithe den iris na hóstáin is fearr in Éirinn, agus The Westbury i mBaile Átha Cliath a tháinig sa chéad áit.

Tháinig Cashel Palace Hotel i dTiobraid Árann sa dara háit, agus Ard na Sidhe Country House i gCiarraí sa tríú háit.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram